![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8d/Mus%25C3%25A9e_Ingres-Bourdelle_-_Le_songe_d%2527Ossian%252C_1813_-_Ingres_-_Joconde06070001439.jpg/640px-Mus%25C3%25A9e_Ingres-Bourdelle_-_Le_songe_d%2527Ossian%252C_1813_-_Ingres_-_Joconde06070001439.jpg&w=640&q=50)
Fiannaíocht
cnuasach seanscéalta na bhFiann / From Wikipedia, the free encyclopedia
I Miotaseolaíocht na nGael, is éard atá san Fhiannaíocht ná an chraobh den scéalaíocht dhúchasach a phléann le Fionn mac Cumhaill agus na Fianna. An chraobh is bisiúla díobh uile. Téann na scéalta seo i bhfad siar i seanchas agus i litríocht na nGael agus tá siad ar eolas ó Éirinn agus ó Albain. Tá roinnt iarsmaí ar eolas ó Oileán Mhanann chomh maith. Bhíodh an-chion go deo ag Ghaeil ar na scéalta fiannaíochta ar feadh breis agus míle bliain agus d’fhág siad a rian ar an teanga le nathanna ar nós ‘cothrom na Féinne.’ Is cosúil gur tháinig fás ar an seánra i dtréimhse na Meán-Ghaeilge (900-1200AD). I dteannta na scéalta bhíodh dánta Fiannaíochta thar a bheith coitianta. Bhídís scríofa i meadaracht ar leith agus thugtaí Laoithe orthu. Dhéantaí iad a chantaireacht síos go dtí ár linn féin.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8d/Mus%C3%A9e_Ingres-Bourdelle_-_Le_songe_d%27Ossian%2C_1813_-_Ingres_-_Joconde06070001439.jpg/640px-Mus%C3%A9e_Ingres-Bourdelle_-_Le_songe_d%27Ossian%2C_1813_-_Ingres_-_Joconde06070001439.jpg)