ríshliocht stairiúil Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ríora Gaelach bunaithe i gCaiseal ba ea na hEoghanachta (Meán-Ghaeilge Eóganachta). Bhídís i gceannas i ndeisceart na hÉireann, mar atá Ríocht na Mumhan, óna 6/7ú go 10ú haoiseanna,[1] agus ina dhiaidh sin, i bhfoirm laghdaithe, sa Ríocht Deasmhumhan agus a fho-ríocht Cairbrigh, go dtí déanach sa 16ú haois.
Deirtear de réir sean-nóis gurbh é Conall Corc bunaitheoir an ríora, ach ainmnithe as a shinsear Eoghan, chéadpháiste an rí leathstairiúil den 3ú haois, Ailill Ólom. Bhunaigh sé a lárionad ríoga ag Caiseal go déanach sa 5ú haois.[2]
Cé go raibh na hEoghanachta i gceannas thar críocha móra i Mumhain, níor aithníodh go forleathan iad mar Ard-Ríthe na hÉireann nó Ríthe na Teamhrach, óir níor mhuintir Uí Néill iad. Thug Cathal mac Finguine agus Feidlimid mac Crimthainn a ndúshlán ámh do cheannaireacht Uí Néill.
De réir an Fhéineachais, ní raibh a leithéid de rud agus Ard-Ríogacht na hÉireann.[3][4] Sa Mumhain, adhered to na hannálaithe go follasach an smaoineamh dlí seo, agus thug siad "ard rí" ar ríthe na gcúigí, ag cur béime ar a bhflaitheas absalóideach.[5] Sa 9ú haois, agus smaoineamh Ard Ríogaíocht na hÉireann á fhorbairt ag an gclann Uí Néill, chuir ríthe na Mumhan béim ar a gcearta ar an teideal, nó in ionad sin, flaitheas iomlán i Leath Mhogha, na críocha taobh ó dheas de líne idir Áth Cliath agus Gaillimh.[6]
Bhí Finnín mac Aodha Dhuibh na nEoghanacht ina rí na Mumhan (bás 618), agus líne fhireann dhíreach Uí Shuilleabháin is ea é. Bhí a mhac Seachnasach too of chun teacht i gcomharbacht air. Tháinig a dheartháir Faílbhe Flann mac Aodha Dhuibh, sinsear díreach Mhic Cárthaigh. Sa chlár Roll of "Ríthe na Mumhan", faoi "Ríthe Cúige", feictear Finnín uimhir 14 agus Failbhe uimhir 16.
Meastar gur taoisigh séimhe agus ardnósacha iad na hEoghanachta i gcomórtas le cúigí eile na hÉireann. Ní ansin gurbh an chúige is saibhre ab ea cúige Mumhan, ach lig na hEóganachta do ríochtaí iarchumhachta, mar shampla an Chorca Laidhe, cuid mhaith stádais agus díolúine chánach.[7]
Is doiléir é a mbunúis, ach b'fhéidir gur as an nGaill iad.[3][8] De réir scéal bunúis dá gcuid féin (Laud 610), de shliocht Eibhir, mac is sine Mhíl Espáine, sinsear na nGael, ba ea iad.
Luaitear scaití i luathfhoinsí na prót-Eoghanachta, ó ré Mogh Nuadhad go ré Chriomhthainn mhic Fiodhaigh agus Conaill Choirc, mar na Deirgthine. Is é inscríbhinní Oghaim an fhianaise is luaite atá ann dosna Deirgthine.[3][8] Is amhlaidh go raibh ar dtús ina ngéillsinigh na nDáirine, dream troda a raibh ina gcoil ceathrar na nUlaid. Sa ré stairiúil, ba é an Chorca Laidhe an chine is suntasaí ná nDáirine. Tháinig na Deirgthine i gceannas orthu siúd i rith na 7ú haoise, lagtha agus a gceannas-sa fada ar an Osraí, caillte acu, is amhlaidh le cabhair Uí Néill.
Bhain na hEoghanachta a stádas amach de dheasca sofaisticiúlachta polaitiúla agus geilleagraí, ní de bharr concais mhíleata. Bhí Éire i gceannas roinnt cumhachtaí naimhdeach, nárbh fhéidir leo a ndúshlán a thabhairt dóibh ina n-aonar, ach d'éirigh leo ciníocha eile a thabhairt isteach leo mar ardtiarnaí. Mar thoradh, scaradh an Dáirine, ansin is mó an Chorca Laidhe, óna gcoil ceathrar.
De réir a chéile, bailigh ná hEoghanachta vasáilligh fhabhraithe tharstu, amhail is an Múscraí, a bheadh ina bpríomhfhoinse ioncaim chomh maith le cosaint in aghaidh ríochtaí eile,[3][9] agus an dream cáiliúil níos deireanaí, Déise Tuaiscirt, as a dtiocfadh Brian Bóramha. D'fhéadfadh é gurbh as an nGaill iad Déise na Mumhan de Chontae Phort Láirge mar chuid dá stair choiteann leis na hEoghanachta.[3]
Dream cumhachtach eile i luathré na Mumhan ab ea an Mairtine, a raibh a bpríomhchathair acu ag Imleach nó Imlech Ibair, a aitheanta ar dtús mar Medón Mairtine (Meán).[10] In am trátha, ba é siúd príomheaglais na nEoghanacht.[11]
Féach
Go formhór deasghnách ab ea an ríogacht Chaisil. Cé nach mbíodh ríthe de ghnáth trodach, dhéanadh siad a ndícheall chun ceannas polaitiúil a bhaint amach. Thugtaí rath mór d'fho-ríochta ar son aitheantas ardcheannas Caisil.[3] Mhalartaíodh iad is cumhachtaí giallaigh le Rí Caisil. Though subjects, de réir dlí bhídís saor agus in ann deireadh a chur leis an gconradh.[3]
Is féidir rítheaghlaigh na nEoghanacht a roinnt ina dtrí: an Ciorcal Istigh, an Ciorcal Amuigh agus clanna díothaithe.
Tháinig caighdeán scríbhneoireacht stairiúil agus ghinealaigh na nEoghanachta i bhfeabhas sa dara mílaois faoi Mhic Cárthaigh, ach faightear fadhbanna fós ann.
Bíodh sin mar atá, is iad seo a leanas ríthe is luaite na nEoghanachta, de shliocht Chonaill Choirc:
Tháinig gach rí Chaisil a bheag nó a mhór ón 5ú go dtí an 10ú haois as an trí rítheaghlach a leanas.
Bhunaigh an Eoghanacht Chaisil níos deireanaí, faoi cheannas Mhic Cárthaigh, Ríocht na Deasmhumhan, ríocht níos cumasaí ach gann ar fhoireann. Bhí Uí Shúilleabháin na tiarnaí is cumhachtaí fúthu. Bhí Uí Chaoimh den Eoghanacht Ghleanndamhnach ina saighdiúirí móra in airm Gaelacha agus na Mór-roinne. Thuill Uí Cheallacháin clú díobh féin le déanaí. Fo iad siúd ab ea Mhic Amhlaoibh agus Mhic Giolla Chuda. Bhánaigh Concas na Normannach Uí Chiarba Eoghanachta Áine.
Bhíodh cónaí ar an dá rítheaghlach "amuigh" siar agus ó dheas ó na tuatha lárnaigh. Is féidir a dhiúltú, ámh, aon iarracht iad a chur in aicme níos ísle ná an ciorcal istigh.
Cé gurbh é Conall Corc a sinsear, agus dá bharr bhí an ceart acu bheith ina ríthe, i ndáiríre coinníodh amach as Caiseal iad. Ní léir é ámh arbh é seo de bharr a suímh.[12] Dá mbeadh rí amuigh cumhachtach ann, d'éireodh sé ina Rí de facto na Mumhan, ach de ghnáth, dhiúltaíodh an lár iad a aithint. Mar thoradh, bhíodh an-achrann idir Caiseal agus Eoghanacht Locha Léin (b'fhéidir de bharr naisc leis na Cruithnigh), agus briseadh a gcumhacht ar deireadh.[3]
Ní raibh an Eoghanacht Raithlinn chomh trodach sin, agus dá bharr thángadar slán faoi cheannas Uí Mathúna fad insan 2a mílaois. D'éireodh Uí Dhonnchadha, d'Eoghanacht Raithlinn ó dhúchas, ina dtaoisigh Eoghanacht Locha Léin, agus tá siad fós ann i measc uaisle Gaelacha, ar bhíthin Tiarna Ghleann Fleisce (féach thíos).
Luaitear an Eoghanacht Raithlinn, the Eoghanacht Locha Léin, and the Uí Fidgenti-Liatháin (féach thíos) le chéile mar na Trí Eoghanachta na Mumhan sa scéal luath-mheánaoiseach Tairired na nDéisi.[3][13] Is ait é seo, óir gur de shliocht Chonaill Choirc agus ní Dáire Cearba iad an chéad dá dhream, ach b'fhéidir go bhfuiltear ag churin iúl ach gur chiníocha saora iad siúd, i gcomórtas leis na Déise ar ghá dóibh cíos a íoc.
De réir anailís ADN ar na hUí Chonaill as Contae Chiarraí, is amhlaidh go raibh gaol Eoghanachta acu, go gar leis na hUí Dhonnchadha, cé go gcuirtear leis na hUí Fidgenti-Liatháin i roinnt luathfhoinsí.[14]
Tá roinnt clann atá díothaithe agus/nó neamhdheimhnithe:
I measc sloinnte Eoghanacht, agus na Mumhan, tá:
Tá tuairim is 150 sloinne ríoga Gaelacha ar marthain, agus dóibh siúd, faightear tuairim is 30 ainm Eoghanachta. Go minic áfach, tá na ginealaigh go huile is go hiomlán trí chéile, agus tá sé deacair nó dodhéanta dá bharr a rá cé a bhaineann le cén chlann,[3] nó fiú an Eoghanacht iad. Ar fhianaise na n-annál, tá athrú, deargbhréag agus scrios amach is amach iontu, ar a laghad sa luath ré[17] (cé go bhfaightear an fhadhb chéanna i nginealaigh na gConnacht agus na Laighean[3]).
Ríthe Muimhneach na nEoghanacht.[18]
Conall Corc a quo Eoghanachta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
-453 Nad Froích | Mac Cass a quo Eóganacht Raithlind | Coirpre Luachra a quo Eóganacht Locha Léin | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
453–489 Óengus | Ailill a quo Eóganacht Áine | Echu a quo Uí Echach Muman | Maithne | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Bressal | 500-522 Eochaid | 489–500 Feidilmid a quo Eoghanacht Chaisil | Crimthann | Crimthann | Dauí Iarlaithe | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eochaid | Crimthann Airthir Cliach a quo Eóganacht Airthir Cliach | 522–542 Crimthann Srem Feimin a quo Eóganacht Glendamnach | Crimthann | Éndae a quo Uí Énda | Lóegaire a quo Uí Láegairi | Áed Ualgarb a quo Cenél nÁeda | Cobthach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Furudrán | Cormac Sriadberg | 577–582 Fergus Scandal | 542–577 Coirpre Cromm | Áed Dub | 596–601 Garbán | 596–601 Amalgaid | Áed Osraige | Tigernach | Crimthann | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dub Indrecht | Crundmáel | Áed Fland Cathrach | 577–596 Feidlimid mac Coirpri Chruimm | 627–639 Failbe Fland | 639–641 Cuán | Coirpre Riastrain | 582-588 Feidlimid | 618-618 Áed Bennán | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dúnchad | Cellach | 618–627 Cathal | Sechnussach | 641-661 Máenach | 665–678 Colgú | Máel Umai | Clárenech | Cenn Fáelad | Cummíne | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Colmán | Mugthigern | 661–665 Cathal Cú-cen-máthair | Rechtabra | Colmán | Ailill | Nad Fraích | 712–721 Eterscél | Uisnech | Selbach | Fergus | Conaing | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eochaid | Murchad | 678–696 Finguine | 696-701 Ailill | Flann | Dub-dá-Crich | 701–712 Cormac | Fáelgus | Snédgus | 742–769 Cathussach | Cathussach | Éladach | Bécc a quo Cenél mBécce | Áed | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ailgile | 859–872 Cenn Fáelad hua Mugthigirn | 721–742 Cathal | Indrechtach | Crimthann | Dúngalach | Conall a quo Cenél Conaill | Dub Indrecht | Dúnlaing | Fer-dá-Lethe | 769–786 Máel Dúin | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Selbach | 805–820 Artrí | Móenach | 820–847 Feidlimid | Donngus | Snédgus | Crundmáel | Domnall | 786–805 Ólchobar mac Duib-Indrecht | Ánilte | Artgal | Congal | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cuilennán | Tuathal | Bran | 807–820 Tnúthgal | Artgal | Dub-dá-Bairenn | Artgal | Flaithnia | Connath | Cináed | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
902–908 Cormac | Máel Fathardaig | Donngal | Lachtnae | Láegaire | 872–888 Dúnchad | Corcc | Óengus | Ailill Broga | 847–851 Ólchobar | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Donnchad | 851–853 Áilgenán | 853–859 Máel Gualae | Buadachán | 895–902 Finguine Cenn nGécán | Corcrán | Dub-dá-Bairenn | Cú Chongelt | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Flann | Clérech | 888–895 Dub Lachtna | –954 Cellachán Caisil | Corcrán | Domnall | Conchobar | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
954–957 Máel Fathardaig | 959–961 Fer Gráid | Donnchadh | Condlígán | 957–959 Dub Dá Bairenn | Cathnia | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
1014–1025 Dúngal Hua Donnchada | Saorbhreathach | 944- Lorcán | Spelán | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cárthach a quo Mac Cárthaigh | Cian | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Muireadach | Bran | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
1127–1138 Cormac | 959–970 976–978 Máel Muad | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
San áireamh in éineacht leis na hEoghanachta, faightear scaití na hUí Fidgenti agus na hUí Liatháin gaolmhara, chomhghuaillí ársa na nEoghanacht, a d'fhéadfadh a bheith ina nDáirine. B'fhéidir é fosta gur de shliocht Ailealla Flainn Bhig nó Ailealla Óloim iad. Is Eoghanachta imeallacha dá bharr an luath-rí Criomhthann Mór mac Fiodhaigh agus a dheirfiúr Mongfind.
De shliocht Dáire Cearba agus/nó Maine Munchaín ab ea na dreamanna úd, is amhlaidh. Ar aon chuma, is fíor a rá go raibh Uí Fidgenti agus Uí Liatháin ag dul i léig, agus na hEoghanachta ag teacht chun cinn. Faoi théarmaí an chomhaontais, níor ghá dóibh ach chun tacaíocht "onóra" a tabhairt.[3] Mhalartaíodh Uí Fidgenti ámh gialla le rí Caisil, agus is léir gur mhuintir iad ó ré níos luaite.[3][19] Sna ginealaigh is luaite, le fáil in Rawlinson B 502, is de chuid na nEoghanacht iad ar slí éigin, mura mbeadh ann ach trí phósadh.
Bhíodh na hUí Fidgenti (IT) agus na hUí Liatháin (OD) ina gcónaí ar thaobhanna os comhair a chéile na Mumhan, agus na Eoghanacht Áine agus Ghleanndamhnach idir eatarthu (i dteannta leis na Fir Mag Fene). Ligeadh príomhchathair Uí Fiodhghinte ag Dún Eochair, tugtha ag na Dáirine roinnt áiseanna roimh theacht i réim Caisil, mar a insíonn Seathrún Céitinn an scéal.
Moladh é gur de shliocht na nEoghanacht iad Ríthe na gCruithneach. Más fíor, is dócha gurbh Eoghanacht Locha Léin, sinsir Uí Mhuircheartaigh, atá ó gceist anseo. Ní amháin go raibh ríocht chumhachtach agus leathnaitheach acu san Iarmhumhan, ach ina theannta sin, bhí siad as a ndóchas, coinnithe amach ón gciorcal istigh. D'aon oghaim, dúradh gur de shliocht mná Cruithnigh ab ea iad, agus gurbh é seo cúis a gcuid scoiteachta.[3][12]
Féach:
De réir roinnt nósanna níos deireanaí na Tuamhan, bhí deartháir óg ag Eoghan, darbh ainm Cormac Cas, a quo an Dál gCais agus a ríocht beag ach cumhachtach. Le linn na 10ú haoise, chuir siad na hEoghanachta, a bhí faoi bhrú na Lochlannach agus Uí Néill, as coróin na Mumhan. Ní bhfaigheadh na hEoghanachta agus a gcomhghuaillí é an athuair choiche, ach bhíodh siad fós i réim sa Deasmhumhan le sé aois anuas, go háirithe mic Uí Chárthaigh agus Uí Shúilleabháin. Chloígh siad mic Uí Ghearailt ag Cath Challainn, ag stopadh agus ag tiontú gluaiseacht chun tosaigh na Normannach i nDeasmhumhain isteach.
Féach fosta:
Féach:
Féach:
Féach:
Tugann Curley[20] beathaisnéisíní ar tuairim is fiche tiarnaí reatha Gaelacha, go leor acu Eoghanachta nó a gcomhghuaillí, le haitheantas éagsúil ar a chéile. Níltear cinnte faoina bhfuil i ndán dóibh ámh tar éis an scannail cruthaithe ag Terence Francis MacCarthy.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.