Rawlinson B 502
lámhscríbhinn Éireannacha den 12ú haois From Wikipedia, the free encyclopedia
lámhscríbhinn Éireannacha den 12ú haois From Wikipedia, the free encyclopedia
Lámhscríbhinn Ghaelach na meánaoise is ea Rawlinson B 502[1] a caomhnaítear anois sa Bodleian Library, Oxford. Is é ar cheann de thrí mhórshaothar ar marthain déanta in Éirinn roimh theacht na Normannach, an dá leabhar eile ná Leabhar na hUidhre agus an Leabhar Laighneach.
De réir roinnt scoláirí, is éard atá ann i Rawlinson B 502, go háirithe a dheara cuid, ná an saothar Leabhar Glinne Dá Locha (nó Ghleann), luaite i roinnt foinsí meánaoisacha agus luath-nua-aimsire. Níl scoláire eile ar aon ghuth ámh.
Deir Brian Ó Cuív gurb í ar cheann desna na lámhscríbhinní Gaelacha na meánaoise atá ar marthain "is tábhachtaí agus is áille ... gan dabht is breátha".[2] Pádraig Ó Riain states "... foinse luachmhar eolais ... maidir leis an gcomhthionól i nGleann Dá Loch tuairim is an bhliain 1131, agus finné breá ... ar an ardchaighdeán scoláireachta bainte amach ag an ionad manach úd."[3]
Sa lámhscríbhinn mar a caomhnaítear inniu í, faightear dhá choidéacs, a bhí ar dtús dhá saothar éagsúla.[4] Ceanglaíodh le cheirt iad am éigin roimh an mbliain 1648.[5] Rinneadh é seo ar iarratas a seilbheoir, an t-ársaitheoir Éireannach Sir James Ware (bás 1666), a raibh deabhailiúcháin lámhscríbhinní Gaelacha aige a bhuí le Dubhaltach Mac Firbhisigh (bás 1671).[5] Chuir Ware roinnt leathanach isteach, le tráchtas as Laidin go formhór ar ghnéithe staire Gaelaí, idir an dá lámhscríbhinn (ff. 13–18), is amhlaidh chun cuma saothar éagsúil a choimeád.[5] Cuireadh tuilleadh fóiliónna pháipéir ag deireadh na dara lámhscríbhinne (ff. 90–103), le nótaí agus trascríbhinní, cuid de as Laidin.[5] Tá 175 fóilió anois ann, leathnaigh an cheanglóra san áireamh.
Tiomsaíodh an chéad lámhscríbhinn, fóiliónna 1-12v, déanach sa 11ú haois nó b'fhéidir ag tús na 12ú haois.[5][6][7] Cuireann an dea-mhionchló, scríofa in dhá cholún, dhá scríobhaí in iúl, agus cuireadh gluaiseanna ann ag lámha eile. Tá duine desna scríobhaithe aitheanta mar an té "H" a chuir gluaiseanna i Leabhar na hUidhre. D'fhéadfadh é dá bharr go ndearnadh an chuid seo den tsaothar sa tigh screaptra mainistreach Chluain Mhic Nóis, Co. Uíbh Fhailí.[5]
Scríobhadh an chuid is mó de Rawlinson B 502, .i. ff. 19–89, ag aon scríobhaí amháin i lár na 12ú haoise.[5] Is é Toirdhealbhach Ua Conchobhair (réimeas 1106–1156) an rí deireanach desna Connachta a fhaightear ann.[7]
Ar gach leathanach tá dhá cholún scríofa as mionchló Gaelach.[8] Tá ardchaighdeán callagrafaíochta ann, le roinnt maisiúchán. Ullmhaíodh go maith an phár, cé go bhfuil cuma chaite ar an lámhscríbhinn anois, agus tá roinnt fóiliónna anois caillte.[5] Is amhlaidh as ucht a chuid ábhar go ndearnadh an lámhscríbhinn i mainistir Laighneach, agus moltar mar shampla Cill Uisean i gContae Laoise.[5]
Chuir James Ware a bhailiúchán ar aghaidh chuid a mhac, a dhíol é le hEdward Hyde. Cuireadh ar aghaidh é in am trátha chuig James Brydges, a dhíol roinnt dá lámhscríbhinní, san áireamh Rawlinson B 502 mar a ghlaoitear anois uirthi, le Dr Richard Rawlinson (bás 1755). Tiomnaíodh bailiúcháin Rawlinson ag St John's College, Oxford, as ar tháinig sí sa bhliain 1756 sa Bodleian Library isteach.[5]
Sa bhliain 1909, d'fhoilsigh Kuno Meyer leagan facsamhla collachló desna leathnaigh phárpháipéir, le réamhrá agus innéacs, curtha amach ag by Clarendon Press.[9] Sa bhliain 2000 i leith, foilsíodh leaganacha digiteacha ag an tionscadal Early Manuscripts at Oxford University, anois faoi réir an Oxford Digital Library. Tá idir phárpháipéar agus pháipéar sna leathanaigh scanta, seachas na fóiliónna páipéir den 17ú haois ar ff. 105–171.[10]
Faightear sa chéad lámhscríbhinn cóip dAnnála Tiarnaigh, ina bhfuil blúirín de Chroinic na hÉireann mar a ghlaoitear air, stair an domhain as Laidin agus Gaeilge, bunaithe air staraithe amhail is Eusebius agus Orosius.[4] Is easnamhach é an téacs agus ag a thús (aiceifealach) agus a dheireadh, rud a thugann le fios go bhfuil fóiliónna eile ar iarraidh.[4]
Ag tús an dara lámhscríbhinn tá sraith dhánta as Meán-Ghaeilge, dar teideal Saltair na Rann, agus ina diaidh athleagan den Sex Aetates Mundi (Gaelach) agus an dán Amra Coluimb Chille. Tá sa lámhscríbhinn go leor scéalta de chuid Scéalaíocht na Ríthe, agus tá roinnt díobh bailithe le cruinne faoin teideal Scélshenchas Laigen, agus an chéad scéal ann ná Orgain Denna Ríg. Faightear sa tsraith seo an cóip is fearr atá ar marthain de leagan "A" de Tairired na nDéssi.[11] Tá sraith eile filíochta tuata de téacsanna na Laighean faoin teideal Laídshenchas Laigen. I measc téacsanna fileata eile tá na dánta eagna Immacallam in dá Thuarad agus Gúbretha Caratniad.
Is ar cheann de dhá lámhscríbhinn réamhNormannach atá ina bhfoinsí ginealaigh, an ceann eile ná an Leabhar Laighneach. Caomhnaítear fosta roinnt den Fhéineachas amhail is an dréacht Cóic Conara Fugill.
Seo á leanas tuilleadh sonraí ar ábhar an tsaothair:
Fóilió | Téacs |
---|---|
1r-12v | Annála Tiarnaigh |
13-8 | Nótaí stairiúla le Ware |
19r-40 | Saltair na Rann |
40v-44v | Sex Aetates Mundi (Gaelach) |
45r | Dán luaite le Mac Cosse, le tús Ro fessa hi curp domuin dúir |
46r | Dán Fichi rig cia rim as ferr, maidir le ríthe Iarúsailéim, ag tús le Rí Sól agus ag críochniú le léirscrios Iarúsailéim ag Nabúcadnazar |
46r | Dán creidimh A Dé dúlig adateoch / Cethrur do-raega ní dalb[c 1] |
46v | Dán creidimh Ro chuala crecha is tir thair |
46v | Téacs le tús Ad fet Augustus míl do bith i fudumnaib in mara 7 in talman Indecdai, maidir le hollphéist san India |
46 | Dán le tús Cenn ard Ádaim étrocht rád;[c 2] annál le haghaidh na bliana 1454[c 3] |
47r[f 1] | Orcuin Néill Noígíallaig (Marú Néill Naoighiallaigh) |
47r-v[f 2] | Gein Branduib meic Echach 7 Aedáin meic Gabráin (Breith Bhranduibh mhic Eochach agus Aodháin mhic Ghabráin) |
47v[f 3] | Aided Maelodráin (Anbhás Mhaoldráin) |
47v | Teideal Laidsenchas Lagen (ff. 47v-50v) |
47v | Dán Is mo chen a Labraid lain, agallamh le Scoriath, Labraid Loingsech agus Moriath |
47v | Dán Cethri m. Airtt Mis Telmann |
47v | Dán Ochtur Criathar cid dia ta |
47v[f 4] | Orgguin trí mac Diarmata meic Cerbaill. Cf. p. 134b. |
48r | Dán Coic rig trichat do Laignib, maidir le luath- ríthe na Laighean |
48r | Dán Secht rig do Laignib na lerg, tuilleadh ríthe na Laighean |
48r | Dán Dia ngaba apgitir Lagen, maidir le gaiscígh na Laighean |
48r | Dán Fedeilmid athair Echach, maidir le cath a throid na Fothairt i gcoinne na Mumhan |
48r | Dán Fothairt for clannaib Concorb, maidir le díbirt na bhFothart ó Theamhraigh |
48v | Dán Clanna Bresail Bricc builid, maidir le teaghlaigh na Laighean |
f. 48v | Dán Coic rig trichat triallsat roe, maidir le ríthe Críostaí na Laighean |
49r | Dán luaite le Dubthach hua Lugair, Crimthann clothri coicid hErenn |
49v | Dán Ro batar laeich do Laigneib, maidir le breith Bhranduibh mhic Eochach, rui na Laighean, agus Aodháin mhic Gabráin, rí Dál Riada |
50r[f 5] | Dán Cathair cenn coicid Banba, Esnada Tige Buchet aoi/meadarach, cf. f. 73. |
50v[f 6] | Dán Do chomramaib Laigen (nó Eol dam i ndairib drechta), luaite le Flann mac Máel Máedóc; maidir le cathanna a throid laochra na Laighean.[c 4] |
50v | Dán A choicid choem Chairpri chruaid |
bearna | leathanach/aigh ar iarraidh |
51r | Ginealaigh Naomh Gaelach |
52v | Liosta de réir litreach de naoimh leis an ainm céanna |
54r | Dán luaite le Dallán Forgaill, Amrae Coluimb Chille (Amhrán Choilm Chille") |
59v | Paidir "Adomnán mac Ronain ro cháchain in nothainseo", le tús Colum Cilli co Dia dommerail i tias nimustias. |
59v | Dán luaite le Colm Cille, Dia ard árlethar |
f59v | Mac Lesc mac Ladain Aithech, faoi Mac Lesc mac Ladain agus Fionn mac Cumhaill, a deir araon roinnt rannta |
60r | Dán "Cainnech do rigni in northainse" |
60r-62v[f 7] | Immacallam in dá Thuarad |
62v | Gúbretha Caratniad (Bréagbhreith 'Caratnia) |
63v | Cóic Conara Fugill, téacs dlí |
64r | Ginealaigh na Laighean |
a65v | Scéal faoi Labraid Loingsech agus ríthe réamhChríostaí eile others Laighean, san áireamh dánta: Dind Rig luaite le to Ferchertne; Lug sceith; Cethri meic la Setna Sithbacc, luaite le Seanchán Torphéist |
65v | Ginealaigh na Laighean de shliocht Chú Choirbh |
66v | Ginealaigh na Laighean (Dál Niad Cuirp). |
67r | Ginealaigh na Laighean, Miniugud. Miniugud senchasa mac nairegda Cathair |
68v | Ginealaigh na Laighean (Dál Niad Cuirp). |
bearna n | lacuna |
f. 69r | Ginealaigh na Laighean (ar lean) |
69r | Ginealaigh na Laighean agus alt faoi Fothairt |
69v | Ginealaigh, De peritia 7 genelogia Loichsi, faoi Lugaid Loígsech abha Ginealaigh na Loíchse |
70v | Ginealaigh, Duil laechsluinte Lagen |
f. 70v | Ginealaigh Osraí |
71v | Teideal Scelshenchas Laigen, (ff. 71v-74v) |
71v-72r[f 8] | Orgain Denna Ríg |
72r[f 9] | Tairired na nDéssi |
73r-73v[f 10] | Scéal Esnada Tige Buchet, cf. f. 50. |
73v[f 11] | Comram na Clóenferta (Comhramh/caithréim an Chlaonfhearta) |
73v-74v[f 12] | Orgguin trí mac Diarmata meic Cerbaill, cf. p. 82b-83a. |
bearna | |
74r | Téacs maidir le ríthe réamhChríostaí na hÉireann, le tús Do rochair tra Sirna Sirsaeglach mac Dein m. Demail la Rothechtaid Rotha mac Moen |
74v | Liosta Ard Rí na hÉireann, ó ré Chlainne Mhíle suas go Brian Bóramha |
75r | Miniugud na Croeb Coibnesta, maidir le sliocht Éireamhóin go dtí mic Eochaid Mugmedón |
?[f 13] | Echtra mac Echdach Mugmedóin |
? | Ginealaigh na Laighean agus eile |
90–103 | leathanaigh phaipéir (17ú haois) |
Leathanaigh fhacsamhla
Tagairtí CELT
Is cúis achrainn é ainm agus foinse na lámhscríbhinne, i bhfad sular ghlac Rawlinson seilbh uirthi.
Rinne Sir James Ware féin trácht ar an dara cuid mar Saltair na Rann le hAonghas Chéile Dé, ainmnithe as an saothar reiligiúnach ag tús an chéad fóilió (f. 19): "Oengus Celide, Author antiquus, qui in libro dicto Psalter-narran"[12] agus freisin, "vulgo Psalter Narran appellatur".[13] Is amhlaidh gur luaigh comhaoisigh Ware, Seán Mac Colgáin (bás 1658) agus Seathrún Céitinn (bás 1644), an lámhscríbhinn uilig faoin teideal úd.[12] Luann Céitinn an teideal seo faoi thrí ina shaothar Foras Feasa ar Éirinn, á lua mar fhoinse don dán le tús Uí Néill uile ar cúl Choluim i Leabhar III.[14] Níos casta fós, ní fhaightear an dán seo i Rawlinson B 502, ach thug Breatnach aird ar easpa roinnt fóiliónna, agus gurbh é sin b'fhéidir cúis chaille an dáin.[15]
Ní fios an raibh gnás ann roimh an 17ú haois a thug Saltair na Rann mar teideal ar an gcuid seo. Mhol Caoimhín Breatnach go raibh, ach chuir Pádraig Ó Riain an milleán ar Ware, gur chum sé an teideal mar ghearrscríobh áisiúil sna 1630idí, agus gur ghlac scríbhneoirí eile é.[3]
Cuireadh an cás gurb ionann iad Rawlinson B 502 (cuid a dó) agus an lámhscríbhinn luaite mar Lebar Glinne Dá Locha (Leabhar Ghleann Dá Loch).[16] Tá an scéal níos casta de bhrí gur glaodh an t-ainm úd ar an Leabhar Laighneach, fosta.
Seo a leanas tagairtí a rinneadh í lámhscríbhinn éagsúla do Leabhar Ghleann Dá Loch:
Mhol scoláirí amhail is Eugene O'Curry (1861) agus James Carney (1964) an cás sainaitheanta, agus leis an lámh is láidre ag le Pádraig Ó Riain.[20] Thug sé faoi ndeara an dlúthghaol idir téacsanna a luann Leabhar Ghleann Dá Loch mar fhoinse, amhail is an chéad dá cheann luaite thuas, a leaganacha i Rawlinson B 502. Cáineann Caoimhín Breatnach a mhodheolaíocht ámh, agus tháinig sé ar an tuairim gur dhá lámhscríbhinn éagsúla iad Lebar Glinne Dá Locha agus Rawlinson B 502.
Fianaise thábhachtach sa chás seo is ea an dán Cia lín don rígraid ráin ruaid, caomhnaithe i dtrí lámhscríbhinn: Rawlinson B 502, ARÉ 23 D 17 agus LNÉ G 3. I Rawlinson B 502, faightear é leabaithe in alt maidir le ríthe diaganta agus réamhrá próis ina theannta, chomh maith le nótaí imill.[18] Dán leaganacha in ARÉ 23 D 17 agus LNÉ G 3, luann an scríobhaí go follasach Lebar Glinne Dá Locha mar fhoinse, ach ní fhaightear iontu an comhthéacs le fáil i Rawlinson B 502.[18] Molann Breatnach gur dóigh é go raibh comhfhoinse ag an mbeirt.[18]
Léiríonn Breatnach go ndéanann Seathrún Céitinn idirdhealú idir Saltair na Rann le hÓengus Céile Dé, .i. Rawlinson B 502 (cuid a dó), agus Leabhar Ghleann Dá Loch.[15] Ní ghlacann Ó Riain le seo, ámh, ag tabhairt le fios nach ndeir Céitinn go raibh na lámhscríbhinní feicthe aige féin, agus dá bharr b'fhéidir é nach raibh a dhia aige gurbh ionann an lámhscríbhinna bhí aige agus Leabhar Ghleann Dá Loch.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.