Dream tábhachtach na nÉrann as Mumhain ab ea an Múscraí (Sean-Ghaeilge Músgraige), síolraithe ó Chairbre Músc mac Chonaire Chaoimh, Ard-Rí na hÉireann.
- Baineann an t-alt seo leis an dream ársa as Cúige Mumhan; féach Gaeltacht Mhúscraí le haghaidh an cheantair Ghaeltachta i gContae Chorcaí.
Sinsearacht
Tá dlúthghaol acu leis an Síol Chonaire, mar atá an Chorca Dhuibhne, an Chorca Bhaiscinn, as Mumhain araon, agus an Dál Riada as Ulaidh agus Albain. Sinsear níos faide amach ab ea an rí seanscéalach Conaire Mór mhic Eidirscéil mhic Íair mhic Dedad mhic Shin.
Faightear ginealaigh thaoisigh na treibhe sa Leabhar Laighneach.[1][2]
Cumhacht pholaitiúil
Go suntasach, bhí siad ina n-íochtaráin agus áisitheoirí ar son na nEoghanacht.
Ba é Flaithbertach mac Inmainén ina Rí na Mumhan de shliocht an Mhúscraí.
Tailte
Cé go mbíodh mion-ríochtaí an Mhúscraí anseo is ansiúd ar fud Cúige Mumhan, d'fhaightí na cinn is mó sna barúntachtaí de Mhúscraí (Thoir agus Thiar) an lae inniu,[3] i lár Chontae Chorcaí. Réamh-Eoghanachta ab ea na treibhe nó clanna, 'sé sin, roimh an 6ú haois. Ag an am sin, ní théadh críocha Múscraí Mittaine ó dheas den Laoi (cé go dtéann an abha tríd na barúntachtaí inniu).
Is iad a leanas príomhchlanna an Mhúscraí:
Túath | Barúntacht | Contae |
---|---|---|
Múscraige Tíre | Urumhain Íochtarach agus Uaithne agus Ara[4] |
Tiobraid Árann |
Múscraige Breoghain | Clann Liam | Tiobraid Árann |
Múscraige Trí Maighe[5][6] | Orbhraí agus An Choill Mhór agus cuid de Dúiche Ealla |
Corcaigh |
Múscraige Mittaine | Múscraí Thoir, Múscraí Thiar agus Baróidigh[7] |
Corcaigh |
Múscraige Aodha (nó Múscraige Luachra) |
Barúntachtaí éagsúla | Corcaigh, Tiobraid Árann agus Luimneach |
Foinsí
- Francis John Byrne. Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a eagrán athbhreithnithe, 2001.
- Thomas Charles-Edwards, Early Christian Ireland. Cambridge University Press. 2000.
- Lucius Gwynn, "De Maccaib Conaire", in Ériu 6 (1912), ll. 144-53.
- Lucius Gwynn, "De Sil Chonairi Móir", in Ériu 6 (1912), ll. 130-43.
- Vernam Hull. "The Later Version of the Expulsion of the Déssi", in Zeitschrift für celtische Philologie 27 (1958-9), ll. 14-63.
- Paul MacCotter. Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions. Four Courts Press. 2008.
- Eoin Mac Néill. "Early Irish Population Groups: their nomenclature, classification and chronology", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann (C) 29. 1911, ll. 59–114
- T. F. O'Rahilly. Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 1946.
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.