Dream agus ríocht Ghaelach i n-oirthuaisceart na hÉireann le linn na meánaoise ba ea an Dál Fhiatach.
Fo-ríocht na nUlad ba ea í, agus a príomhhrítheaghlach len cuid is mó de stair na nUlad. Bhí a chríocha suite in oirthear Contae an Dúin. Ba í Dún Leathglaise (Dún Pádraig) an phríomhchathair acu, agus ón 9ú haois i leith, ba í Mainistir Bheannchair an suíomh creidimh is tábhachtaí acu.
I dteannta sin uile, tá nasc idir na hUlaid agus na hÉrainn. Mhaítí an Dál Fiatach go raibh gaol acu le Cú Raoi mac Dáire agus na Clanna Dedad.[1][2]
Creideann scoláirí gurbh ionann an Dál Fiatach agus. na hUlaid fíorstairiúil (< Voluntii, *Uluti). Tar éis meath an Dáil sa 7ú haois, mhaígh an Dál nAraidi (nó Cruthin) neamhghaolta gur na "fíor-Ulaidh" iad, de shliocht Rudhraí mhic Sithrí trí Chonall Cearnach na Rúraíochta. In ionad a chur in éadan bréag-éilimh na gCruithne ar a shinsir ársa, ámh, is amhlaidh gur shocraigh an Dál Fiatach béim a chur ar ghaol lena mhuintir is gairide ba chuimhneach leo, mar atá Clanna Dedad na Mumhan, céilí comhraic millteacha na gClann Rudhraí.[3]
Cé go nglacann scoláir leis an ngaol idir na Dáirine agus/nó Clanna Dedad (Érainn), is léir gur truaillithe iad luath-ghinealaigh an Dáil Fhiataigh marab ionann na Dáirine agus an Chorca Laidhe. Ní féidir a ngaol le muintir na Mumhan a athchruthú ach le fianaise teangeolaíochta agus Éireann de réir Tolamaes.
Rí Uladh (Ulaid) ba ea gach rí Dhál Fhiatach a bhfuil eolas air, cé go raibh roinnt ríthe Uladh cumhachta ann de chuid an Dál Araí.
Is iad a leanas roinnt ríthe tábhachtacha an Dál Fiatach:
Bhí mionchraobh an Dál Fiatach i gceannas i Lecale, an leithinis ó dheas phríomhchathair ríoga an Dáil Fhiataigh, Dún Leathglaise (Dún Pádraig an lae inniu). Bheadh Dún Lethglaise féin ina shuíomh mainistreach mór le rá. Ón 9ú haois i leith, d'éirigh Beannchar, ó thús faoi cheannas an Dáil Araide, an suíomh creidimh is tábhachtaí gnáthaithe ag ríthe.
Is iad a leanas roinnt treibheanna atá, nó a mhaíonn a bheith, de shliocht an Dáil Fhiataigh:
Dál mBuinne, aitheanta chomh maith mar Mhuintir Branáin, lonnaithe gar do Moylinny, Contae Aontroma. Dream na nUlad, caomhnaítear an t-ainm sa déanacht mheánaoiseach of Dalboyn.[5]
Leath Chathail, mionchraobh an Dáil Fhiataigh, lonnaithe sa bharúntacht Leath Cathail, Contae an Dúin.[5]
Uí Bhlathmaic, lonnaithe i dtuaisceart Aird Uladh agus cuid den Caisleán Riabhach. Caomhnaítear an t-ainm sa ggg agus contae meánaoiseach Uí Blathmaic (contae).[5]
Duffy, Seán (eag.), Atlas of Irish History. Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan. 2a heagrán, 2000.
Mac Néill, Eoin, Celtic Ireland. Academy Press. 1981 (athchló le réamhrá nua agus nótaí le Donnchadh Ó Corráin den bhuneagrán le Martin Lester Ltd, 1921).
An dearcadh coiteann is é seo i scoláireacht Ghaelach le haghaidh céad bliain. Pléann MacNeill é sna blianta 1911 agus 1921, agus O'Rahilly ach go háirithe sa bhliain 1946, ag caitheamh ailt air ina EIHM cáiliúil, ll. 341–352. Rinne Byrne (1973/2001) tuilleadh oibre air, agus glac Charles-Edwards (2000) leis.