Drámaíocht na Gaeilge
From Wikipedia, the free encyclopedia
Níor fhréamhaigh traidisiún ceart drámaíochta sa Ghaeilge riamh roimh an 19ú haois, cé go raibh an litríocht, an scéalaíocht agus an ceol thar a bheith bríomhar in Éirinn ó thús. Is éard ba chúis leis an easpa sin, b'fhéidir, nach mbíodh drámaí reiligúnda á léiriú i nGaeilge mar a bhíodh i dteangacha eile sna meánaoiseanna, go háirithe sna bailte móra. Ní hé nach raibh Gaeilge á labhairt sna bailte céanna, ach ba láidre amuigh faoin tuath í, agus modhanna inste eile á n-úsáid ag an gcultúr chun é féin a chur in iúl.
Ó aimsir Athbheochan na Gaeilge amach d’fhás traidisiún nua drámaíochta i nGaeilge, cé go raibh sé ag dul rite leis riamh pobal dílis a mhealladh agus drámaí fiúntacha a chur ar fáil. Mar sin féin, d’éirigh leis roinnt drámadóirí nótáilte a sholáthar, agus tháinig compántais ar an bhfód a bhí in ann lucht féachana a aimsiú. Tá mórán ag brath fós, áfach, ar mhaoiniú stáit.
Más í an Athbheochan a chuir tús le drámaíocht na Gaeilge, níor tháinig aon spionnadh ceart inti go dtí timpeall 1930, cé go raibh sí lag go leor fós. I measc na ndrámadóirí nua a tháinig chun cinn bhí Máiréad Ní Ghráda, Séamus Ó Néill, Eoghan Ó Tuairisc, Seán Ó Tuama agus Críostóir Ó Floinn. Bhí a leithéidí ag brath go mór ar chompántais ollscoile agus ar ghrúpaí amaitéaracha, agus páirt mhór san obair ag An Comhar Drámaíochta, An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Taibhdhearc na Gaillimhe, An Damer agus Amharclann na Mainistreach. Ach ní raibh (agus níl fós) lucht féachana buan ann mar atá ag drámadóirí Béarla, agus ba dheacair riamh teacht ar dhrámadóirí oilte cheal traidisiún seanbhunaithe a ligfeadh do scríbhneoirí a gceird a fhoghlaim.[1]
Tá sé áitithe gurb annamh a bhí drámaíocht na Gaeilge lonnaithe go smior i dtraidisiún domhanda na drámaíochta i dtreo go rachadh sí i ngleic le hamharclann na nGréagach nó le saothar drámadóirí móra ar nós Ibsen, Chekhov, Strindberg nó Shakespeare féin: “Bíonn borradh agus fás (agus feabhas is dócha) ar an ealaín nuair a fheictear an dioscúrsa, agus an choimhlint, idir an traidisiún áitiúil agus traidisiún eachtrannach”.[1]
Deirtear nach mór an chabhair é go mbíonn drámaíocht na Gaeilge ag brath i gcónaí agus go mór ar dhaoine atá ag obair san amharclann go páirtaimseartha. Mar sin féin, tá sé cruthaithe ag compántais éigin gur féidir drámaíocht na Gaeilge a chothú ach airgead stáit a fháil: na Fánaithe, Amharclann de hÍde, Fíbín, Aisling Ghéar agus Branar.[1]