Aisling Ghéar
compántas drámaíochta Gaeilge i mBéal Feirste From Wikipedia, the free encyclopedia
compántas drámaíochta Gaeilge i mBéal Feirste From Wikipedia, the free encyclopedia
Compántas drámaíochta Gaeilge i mBéal Feirste is ea Aisling Ghéar. Compántas cónaitheach í i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, ionad ealaíon Gaeilge ar Bhóthar na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste. Bunaíodh Aisling Ghéar in 1997.[1]
Sonraí | |
---|---|
Cineál | compántas drámaíochta |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1997 |
Suíomh gréasáin | https://www.aislingghear.com/ |
Maíonn Aisling Ghéar go bhfuil an-éagsúlacht ag roinnt leis na drámaí a léiríonn siad. Le drámadóirí Gaeilge, leithéidí Eoghain Uí Thuairisc agus Mháiréad Ní Ghráda atá cuid de na drámaí sin, ach tá a lán aistriúcháin léirithe freisin acu – drámaí le Machiavelli, W.B. Yeats, Tom Murphy, Rosemary Jenkinson, Eugene Ionesco, Samuel Beckett, Brian Friel, Dario Fo, Willy Russell agus Marie Jones.[1]
Soláthraíonn siad seirbhís aistriúcháin chomhuainigh don lucht féachana.[1]
Tá sé ráite go bhfuil sé cruthaithe ag compántais dá leithéid gur féidir drámaíocht na Gaeilge a chothú ach airgead stáit a fháil.[2]
Sa bhliain 2022, bhí Aisling Ghéar i mbaol a dhúnta tar éis don Chomhairle Ealaíon a maoiniú a ghearradh go hiomlán.[3]
Ar na léirithe a rinneadh le beagán blianta anuas tá na cinn a leanas:[4]
“Is Iomaí Rud a Tharla – Scéal Ghaeltacht Bhóthar Seoighe,” dráma le Nuala Ní Néill faoi lánúin a bhaineann le pobal Gaeltachta Bhóthar Seoighe.
“The Baile Project 2019”: gearrscannán dátheanghach idirghlúine a rinne Óige Brassneck i gcomhar le hAisling Ghéar.
“Teach na dTaibhsí/Haunted House”: dráma faoi na taibhsí atá le fáil sa Chultúrlann, áit a tógadh in 1896.
“The Fadgies,” dráma le Nuala Ní Neill faoi na “Pháidithe,” cainteoirí dúchais Gaeilge as Ó Méith a tháinig go Béal Feirste sa 19ú céad, áit ar oibrigh siad mar dhíoltóirí éisc agus torthaí.
Makaronik le Dave Duggan.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.