Dorn san Aer
féile cheoil i gContae Dhún na nGall / From Wikipedia, the free encyclopedia
Féile cheoil Ghaelach é ‘Dorn san Aer’ a bheidh i gCo. Dhún na nGall i Meán Fómhair 2024, le ceiliúradh a dhéanamh ar shaol agus ar oidhreacht Rónáin Mhic Aodha Bhuí. Tá ainm na Féile bunaithe ar mhana spreagúil Mhic Aodha Bhuí.[1] Féile trí lá a bheas inti, a bheas ar siúl i nGaoth Dobhair ón Aoine 27 go dtí an Domhnach 29 Meán Fómhair 2024.
Cineál | féile cheoil |
---|---|
Bailíocht | 2024 - |
Suíomh | Gaoth Dobhair, Éire , An Ghaeltacht, Éire |
Tír | Éire |
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Ghaeilge |
Seánra | rac-cheol, ceol hip hap, reigé, ceol na hÉireann, func, snagcheol agus popcheol |
Suíomh gréasáin | dornsanaer.ie |
Cuirfidh ‘Dorn san Aer’ ardán agus fáilte roimh mheascán craiceáilte de ghrúpaí agus d’imeachtaí i rith an deireadh seachtaine: rac, hip-hop, traid-leictreach, ceol Gaelach, ska, reggae, chomh maith le cainteanna spreagúla, Lá Teaghlaigh, comórtas ‘Cath na mBannaí’, RACADAMH agus go leor eile.
Is í an gníomhaí cearta sibhialta Bernadette McAliskey a fhosclóidh an fhéile go hoifigiúil in Amharclann Ghaoth Dobhair.[2]