![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f4/Hotel%252C_beach%252C_and_shipwreck_south_of_R257_at_Bunbeg_-_geograph.org.uk_-_1159653.jpg/640px-Hotel%252C_beach%252C_and_shipwreck_south_of_R257_at_Bunbeg_-_geograph.org.uk_-_1159653.jpg&w=640&q=50)
Gaoth Dobhair
baile i gContae Dhún na nGall / From Wikipedia, the free encyclopedia
Gaoth Dobhair[1] (Gweedore i mBéarla): ceantar Gaeltachta i gContae Dhún na nGall, Éire. Anseo atá oifig réigiúnach sheirbhís Raidió na Gaeltachta, agus is é Gaoth Dobhair an paróiste Gaeltachta is mó in Éirinn (daonra 4,065). Is iad na príomhbhailte fearainn ná Croithlí, Dún Lúiche, An Bun Beag, Doirí Beaga agus Cnoc Fola. Tá Gaoth Dobhair faoi scáth na hEaragaile, an cnoc is airde i gContae Dhún na nGall.
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
Gweedore (en) Gaoth Dobhair (ga) ![]() | ||||
![]() ![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | |||
Contae in Éirinn | Contae Dhún na nGall ![]() | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 4,065 (2002) ![]() | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 32 m ![]() | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Glaochód | 074 95 ![]() | |||
Eile | ||||
Logainm.ie | 130384 | |||
Suíomh gréasáin | gaothdobhair.ie ![]() |
Tá clú ar Ghaoth Dobhair mar go bhfuil an traidisiún Gaelach beo go fóill i measc na ndaoine aitiúla, idir sean-nósanna, ceol traidisiúnta, drámaíocht, cluichí Gaelacha agus an Ghaeilge. Meallann seo agus radharcra an cheantair cuid mhór turasóirí ó achan chearn den tír, go háirithe ó Thuaisceart Éireann.[2] Tá Gaoth Dobhair suite idir Na Rosann ó dheas agus Cloch Cheann Fhaola ó thuaidh, cuirtear na trí paróistí orthu agus cruthaíonn siad réigiún cultúrtha agus sóisialta ar leith, áit ina bhfuil Gaoth Dobhair mar phríomhcheantar do tionscal agus saol oíche.