polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaiteoir Éireannach ba ea Deasún Seosamh "Des" Ó Máille (Béarla: Desmond Joseph "Des" O'Malley) a rugadh i gcathair Luimnigh ar 2 Feabhra 1939 agus a d'éag ar 21 Iúil 2021.[1] Ba Theachta Dála agus aire rialtais mór le rá é le linn na 1970idí agus na 1980idí, agus é ina bhall den pháirtí Fianna Fáil. Ach bhunaigh sé páirtí nua - an Páirtí Daonlathach - i 1985.
Mar ómós dó dúirt Leo Varadkar gur "fathach" i bpolaitíocht na hÉireann ab ea Des O'Malley a bhfuil "oidhreacht bhuan dhearfach fágtha le huacht aige."[2]
Toghadh an Máilleach ina Theachta Dála den chéad uair i bhfothoghchán i Luimneach Thoir i mí na Bealtaine 1968. Tháinig sé in áit a uncail Donogh O'Malley, aire rialtais mór le rá chomh maith, a cailleadh go tobann dhá mhí roimhe sin.[2]
Bhí sé mar Phríomh-Aoire an Rialtais ó 1969 - 1970.
Sa bhliain 1970, cheap an Taoiseach Jack Lynch in Aire Dlí agus Cirt é. Dhá bhliain níos déanaí, agus cúrsaí sa Tuaisceart ag éirí níos measa go tapa (na Trioblóidí), bhunaigh Des O'Malley an Chúirt Choiriúil Speisialta i 1972. Cinneadh thar a bheith conspóideach a bhí ann.
Bhí sé ina Aire Tionscail & Trádála ó 1977 go dtí 1982.
Níor réitigh sé riamh le ceannaire Fhianna Fáil ag an am Cathal Ó hEochaidh. Bhí an nimh san fheoil acu dá chéile. Ansin sa bhliain 1985, thacaigh Des O'Malley le bille faoi fhrithghiniúnaigh a thug comhrialtas Fhine Gael - Pháirtí an Lucht Oibre isteach. Díbríodh é as Fianna Fáil dá bharr.[2]
Bhunaigh sé páirtí nua, an Páirtí Daonlathach. Bhí sé ina cheannaire ar an bpáirtí idir 1985 agus 1993. Bhuaigh na PDs ceithre shuíochán déag san olltoghchán i 1987.
Chuaigh sé isteach i gcomhrialtas le Fianna Fáil, faoi Cathal Ó hEochaidh, mar Aire Tionscail & Trádála ó 1989 go 1992. Tharraing an Páirtí Daonlathach amach as an gcomhrialtas i 1993 agus d'éirigh Des O'Malley as mar cheannaire.
D'éirigh sé as an bpolataíocht ag olltoghchán 2002 (scoireadh an Páirtí Daonlathach in 2009).
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.