Deargaistriú
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá sa deargaistriú (nó iarmhairt Doppler), i gcás solais ó rinn spéire a bhíonn ag druidim amach ón Domhan, ná athrú tonnfhaid a bhraitear mar dhathy dearg. Thaispeáin Hubble gur chiallaigh an deargaistriú braite go raibh gach réaltra ag gluaiseacht amach uainn, agus go raibh deargaistriú níos mó i gceist i leith na réaltraí is faide amach uainn, de bhrí go bhfuil siad ag gluaiseacht níos tapa ná réaltaí is gaire. Uaidh seo shaothraigh Hubble coincheap na Cruinne forleathnaithe agus na hOllphléisce.[1]
I gcúrsaí fisice titeann deargaistriú amach nuair a thagann méadú ar thonnfhad de réir a mar atá solas nó radaíocht leictreamaighnéadach eile ó rinn neimhe ag imeacht ón mbreathnóir. Aistrítear an solas nó an radaíocht go dtí an ceann dearg den speictream leictreamaighnéadach. Tríd is tríd, taispeánann an “deargadh” go bhfuil méadú ar thonnfhad, rud is ionann agus minicíocht níos ísle agus fuinneamh fótón níos laige, de réir theoiric thonnach agus theoiric chandamach an tsolais.
Deirtear gurb éard is cúis le deargaistriú ná fairsingiú na cruinne. Iarmhairt de chuid na coibhneasachta ginearálta atá sa deargaistriú imtharraingthe agus radaíocht leictreamaighnéadach ag fágáil réimse imtharraingteach.