D. S. Ó Ciara
iománaí Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Iar-iománaí Éireannach é Donncha Seosamh "D. S." Ó Ciara (Béarla: Denis Joseph "D.J." Carey) (a rugadh ar an 11 Samhain 1970; is as Gabhrán, Contae Chill Chainnigh dó). Deirtear go raibh sé ar dhuine de na himreoirí is fearr ina ghlúin, nó fiú i stair an chluiche, agus cinnte, duine de na báireoirí is aitheanta in Éirinn.[1] Bhuaigh Ó Ciara cúig bhonn i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann le Cill Chainnigh, agus é ina chaptaen chomh maith. Tá naoi ngradam Sárimreoirí na Bliana aige freisin, níos mó ná éinne eile. Tosaí an-tréitheach agus cliste ab ea Ó Ciara, agus bhí páirt lárnach aige sa rath a bhí ag an bhfoireann sa tréimhse sin.
(2012) | |||||||||||||||||
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 11 Samhain 1970 53 bliana d'aois Gabhrán, Éire | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Gairm | iománaí, duine den lucht gnó | ||||||||||||||||
Spórt | iomáint liathróid láimhe | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Gradam a fuarthas
|
Sa bhliain 2023, cuireadh Carey ar a thriail i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath. Líomhnaítear gur mheall Carey airgead ó dhaoine idir 2014 agus 2022 nuair a mhaígh sé go calaoiseach go raibh ailse air.[1]