From Wikipedia, the free encyclopedia
Tharla crith talún i Léogâne, Háítí ar an 12 Eanáir 2010. Fuair b'fhéidir 45,000-170,000 duine bás[1][2] (220-350k de réir an Rialtais ag an am). Ní raibh an crith talún ach 7.0 ar scála Richter áfach. Rinneadh damáiste ollmhór do bhonneagar agus do gheilleagar na tíre dá bharr.[3]
| |||||
Cineál | crith talún | ||||
---|---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 12 Eanáir 2010 (16:53, 21:53. UTC−05:00) | ||||
Fad ama | 30 s | ||||
Suíomh | Arrondissement Port-au-Prince, Háítí | ||||
Tír | Háítí | ||||
Méadaíocht crith talún (Scála Móimint) | 7.15 | ||||
Méadaíocht crith talún (Scála Richter) | 7 | ||||
Doimhneacht ingearach | 10 km | ||||
Líon básanna | ± 230,000 | ||||
Líon gortaithe | 250,000 | ||||
Bhain Erzulia Danus sochar as clár Concern agus tacaíocht ó Chúnamh Éireann.
Deir Erzulia[4]:
“Bhíomar inár gcónaí in Port-au-Prince nuair a bhuail an crith talún – bhí m’earraí á ndíol agam san aonach ar an 12 Eanáir agus bhrath mé na creathanna. Bhí mé den tuairim nach leanfadh sé ach tráth, ach thosaigh na creathanna ag éirí níos déine is níos déine. Ar díol agam bhíodh ola,sicín agus rís, ach tá sin go léir caillte agam anois. Níor thit mo theach go hiomlán, ach tá sé dainséarach filleadh air, agus mar sin ní féidir linn cónaí ann a thuilleadh. Tar éis an chreatha talún,cosúil leis an iliomad teaghlach eile, bhuaileamar bóthar ag triall ar Primature áit a bhfuil spás oscailte. D’fhanamar ansin go dtí 19 Aibreán agus fuaireamar an deis teacht anseo agus puball a fháil. Téann m’fhear céile amach ag lorg oibre. Uaireanta faigheann sé obair agus tuilleann sé roinnt airgid, ach ní bhíonn ár ndóthain airgid againn riamh".
Thug Éire an-chuid tacaíochta do Háítí ó tharla an crith talún[5], Le tacaíocht ó Chúnamh Éireann, bhí gníomhaireachtaí ag obair leosan ar imigh crith talún Háítí i bhfeidhm orthu ionas go mbeidís in ann uisce, fothain agus sláintíocht a sholáthar, agus tacú le tionscadail chun cuidiú leis na grúpaí is leochailí, leanaí san áireamh[6].
Bhí carthanachtaí Éireannacha ag tabhairt tacaíochta ag an am, chun cabhrú leis na daoine tar éis na tubaiste nádúrtha seo. Is é a chonaic siad ar dtús ná cíor thuathail. Bhí €23.9 milliún san iomlán tugtha ag Éire chun cistiú daonnúil agus ciste forbartha don fhadtréimhse a chur ar fáil do Háítí. Chomh maith leis sin, cuireadh naoi nduine dhéag ón gCór Mearfhreagartha atá a riar ag Cúnamh Éireann chuig Háítí chun cabhair a thabhairt i réimsí amhail loighistic, innealtóireacht agus uisce agus sláintíocht.
Inniu tá Scéim Scoláireachta ainmnithe in onóir Andrew Grene, an t-oibrí Éireannach de chuid na Náisiúin Aontaithe a bhásaigh i mí Eanáir 2010 (scéim chun tacú le mic léinn PhD a bhíonn i mbun staidéir ar thaighde ar réiteach coinbhleachta agus cothú na síochána).[7]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.