Corca Laidhe
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ríocht agus dream de shliocht na nDáirine ab ea an Chorca Laidhe nó Laoi (Sean-Ghaeilge Corcu Loígde[1]), le brí Cine Bhandia an Lao.[2][3]
Ainmnithe atá siad as Lugaid Loígde, Rí Teamhrach agus Ard-Rí Éireann, mac Dáire Doimthigh. Glaodh orthu fosta Síol Lughaí mhic Íotha (Sean-Ghaeilge Síl Lugdach meic Itha). Is é a sinsear is cáiliúla ná Lugaid mac Con, de shliocht Lugaid Loígde, a faightear in Baile Chuinn Chétchathaig.
Príomh-rítheaghlach na nDáirine ab ea an Chorca Laidhe, a ríocht lonnaithe in iarthair Chontae Chorcaí. Tiarnaí na nUlad ba ea a ngaol is gairide, an Dál Fiatach.