Conall Laeg Breg
Rí Bhreá / From Wikipedia, the free encyclopedia
Rí Bhreá de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Conall Laogh Breá mac Aodha Sláine (Sean-Ghaeilge Conall Laeg Breg mac Áedo Sláine[1]) (bás 612). An tArdrí Aodh Sláine mac Diarmada (bás 604) ba ea a athair. Bhí sé i réim ón mbliain 604 go dtí 612. Ní thugtar an teideal rig Brega dó sna hannála, ach feictear é sa dara háit i ndán na ríthe Síl Aeda Sláne Na Sleg, caomhnaithe sa Leabhar Laighneach.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 612 |
Ríthe Bhreá | |
![]() | |
Teaghlach | |
Athair | Aodh Sláine |
Bhí Suibhne mac Colmáin (bás 600) maraithe go fealltach ag a uncail, Aodh athair Conaill, a maraíodh féin i mbun catha ag Conall Guthbinn mac Suibhne (bás 635), agus tharla achrann cathartha i measc Uí Néill an Deiscirt dá bharr.[3][4] Maraíodh Conall mar thoradh ag Aonghas mac Colmáin (bás 621) de Chlann Cholmáin Bhig i gCath Odba sa bhliain 612.[5][6]