rí Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Rí Uisnigh de Chlann Cholmáin, géag d'Uí Néill an Deiscirt ba ea Conall mac Suibhne (Sean-Ghaeilge Conall mac Suibni) (bás 635), a glaodh Conall Guthbinn air. Suibhne mac Colmáin (bás 600), iar-rí, ba ea a athair.[1][2][3] He ruled from 621 to 635.[4]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 635 (Féilire Ghréagóra) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Páiste | Airmetach Cáech |
Athair | Suibhne mac Colmáin |
Bhí Suibhne athair Chonaill maraithe sa bhliain 600 ag a uncail Aodh Sláine mac Diarmada (bás 604), sinsear eapainmneach Shíol Aodha Sláine.[5][6][7] Thosaigh mar thoradh achrann idir Clann Cholmáin agus Síol Aodha Sláine, agus sa bhliain 604, tharla cath ag Faiche mhic Meancnáin (Faithche Mic Mencnain), ar bhruach Loch Seimhdí (Contae na hIarmhí).[8] I rith an chatha, chonaic Conall a dheartháir altrama, Aodh Gustan, ag marú Aodha Sláine. Maraíodh fosta comhghuaillithe Aodha Sláine, mar a bhí Aodh Rón Uí Fhailí agus Aodh Buí, rí Tethba.[9][10][11]
Insítear i nAnnála Uladh:[12]
“ |
Ni nuair i rith in airle |
” |
Tháinig Conall i gcoróin mar rí Uisnigh sa bhliain 621 tar éis bhás the death of Aonghasa mhic Colmáin Bhig.[14] Sa bhliain 622, i rith Cath Cenn Deilgthen (Cill Dealga in Contae na Mí),[15] chloígh Conall a ghaoil chomhraic i gceannas bheirt mhac le Librén mac Illand Cerbaill. Deartháir le sin-seanathair Chonaill, an Ardrí Diarmaid mac Cearbhaill (bás 565), ba ea Illand. Throid Domhnall Breac (bás 642), rí Dál Riada in am trátha, i dteannta le Conall.[16][17][18]
Sa bhliain 633, ag [[Cath Átha Goan, raibh thiar den Life, chuir Conall féin i bpáirt le Failbhe Flann mac Aodha Dhuibh (bás 637), rí Mumhan, chun cuidiú le Faolán mac Colmáin (bás 666?) Uí Dhúnlainge agus Criomhthainn mac Aodha Uí Mháil á chloí agus á mharú aige, agus coróin na Laigean faighte aige. Chabhair Clann Cholmáin le muintir Uí Dhúnlainge ina n-achrann le Síol Aodha Sláine, agus dá bharr bhí siad in ann cúrsaí ar an teorainn le muintir Uí Fhailí a smachtú. Phós Faolán mac Colmáin le hUasal deirfiúr Chonaill (bás 643).[19][20][21][22][23]
Sa bhliain 634, ag Cath Loch Trethin ag Fremainn (Loch Drin, suite ó thuaidh de Chullionbeg, Contae na hIarmhí),[24] mharaigh Conall Conghal mac Aodha Sláine, rí Bhreá, agus a dheartháir Ailill Cruitire, ag leanúint leis an achrann le Síol Aodha Sláine. Sa bhliain 635, mharaigh Diarmaid mac Aodha Sláine (bás 665) Conall i dtigh mhac Nadh Fhraoigh.[25][26][27][28]
Maraíodh mac Chonaill, Airmeatach Caoch, ag Cath Mag Rath (Maigh Rath, Contae an Dúin)[29] sa bhliain 637 ag troid ar son Chonghaile Chaoich na Ulad agus an tArdrí Domhnall mac Aodha (bás 642) de Chineál Chonaill. Maraíodh fosta mac Airmeataigh, Faolchú, sa chath úd.[30] Rí Uisnigh ba ea mac eile Airmeataigh, Diarmaid Dian (bás 689).
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.