Comhaontuithe Camp David
From Wikipedia, the free encyclopedia
From Wikipedia, the free encyclopedia
Síníodh na Comhaontuithe Camp David ar an 17 Meán Fómhair 1978. Sa bhliain 1977, bhí sé de mhisneach ag Anwar Sadat cuairt a thabhairt ar Iosrael agus brú a chur ar Uachtarán Iosrael, Menachim Begin, páirt a ghlacadh i gcomhchainteanna síochána "Camp David" sna Stáit Aontaithe.[1]
Cineál | conradh síochána |
---|---|
Dáta na bliana | 17 Meán Fómhair 1978 |
Suíomh | Camp David, Maryland (en) |
Sínitheoir | |
Síníodh conradh síochána stairiúil ar an 26 Márta 1979, an Conradh Síocháin Éigipt-Iosrael.
I mí lúil 1978 bhuail Begin agus Sadat leis an Uachtarán Carter ag Camp David i Maryland i Meiriceá. Bhí cainteanna rúnda ann, a bhí dírithe ar na fadhbanna a bhain leis na hlosraelaigh a bheith ag cur fúthu i Síonáí agus ar an mBruach Thiar.
Tháinig dhá cháipéis as na cainteannaː
Bhí an dara deilbhcháipéis an-doiléir, ní raibh na hÉigiptigh i riocht socrú ar bith a dhéanamh ar son na bPalaistíneach ná na Stát Arabach eile, agus sa deireadh thiar ní raibh aon toradh ar na moltaí.
Nuair a tháinig sé abhaile ó Mheiriceá, d'éirigh le Begin áiteamh ar an Knesset trúpaí losraelacha agus lonnaitheoirí a tharraingt siar as Leithinis Shíonáí. Chabhraigh sé sin leo conradh síochána a dhéanamh. Tháinig an bheirt cheannairí ar ais go Camp David ab bhliain dár gcionn.
Ar an 26 Márta 1979: shínigh Uachtarán an hEigipte, Anwar Sadat agus Príomh-Aire Iosrael, Menachem Begin, conradh síocháin sa Teach Bán, an Conradh Síocháin Éigipt-Iosrael.
Tharraing an beart seo agus a dhearcadh i leith an iarthair ionsaithe ó na náisiúin Arabacha eile agus ó ghrúpaí míleata Ioslamacha san Éigipt. Is é an toradh a bhí air sin ná gur feallmharaíodh Anwar Sadat sa bhliain 1981.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.