From Wikipedia, the free encyclopedia
Síníodh an Coinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe ar 28 Iúil 1951 sa Ghinéiv, nó go hiondúil, Coinbhinsiún na Ginéive (1951) agus Prótacal na Ginéive (1967).[1]
Cineál | United Nations Conference resolution (en) conradh de chuid na Náisiún Aontaithe | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 28 Iúil 1951 | |||
Dáta foilsithe | 28 Iúil 1951 | |||
Teacht i bhfeidhm | 22 Aibreán 1954 | |||
Suíomh | an Ghinéiv, An Eilvéis | |||
Baint le limistéar údaráis | Geansaí | |||
Taisce | Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe | |||
Teanga an tsaothair nó an ainm | an tSeicis | |||
Obair iomlán ar fáil ag URL | unhcr.org… |
De réir an Choinbhinsiúin, is duine é dídeanaí,[2]
“mar gheall ar eagla ghéarleanúna a bhfuil bunús maith faoi ar chúiseanna a bhaineann le, reiligiún, náisiúntacht, comhaltas de ghrúpa sóisialta ar leith nó tuairimí polaitiúla, go bhfuil sé lasmuigh de thír a náisiúntachta agus nach bhfuil ar a chumas, nó nach bhfuil sé toilteanach, i ngeall ar an eagla sin, leas a bhaint as cosaint na tíre sin” [3]
(Airteagal 1(A)(2), den Choinbhinsiún).
Is é is príomhchuspóir do stádas tearmainn agus dídeanaí ná cosaint in éadan filleadh ar thír ina bhféadfadh baol géarleanúna a bheith ann don duine lena mbaineann.[4] Cuirtear an chosaint seo ar bhonn foirmiúil trí phrionsabal an non-refoulement, a shainítear in Airteagal 33(1) den Choinbhinsiún, mar seo a leanas:
‘Ní dhéanfaidh aon Stát Conarthach dídeanaí a dhíbirt nó a fhilleadh (‘refouler’) ar aon bhealach chuig teorainneacha críocha ina mbeadh a shaol nó a shaoirse faoi bhagairt mar gheall ar a chine, a reiligiún, a náisiúntacht, nó mar gheall ar é a bheith mar chuid de ghrúpa sóisialta nó tuairim pholaitiúil ar leith a bheith aige’.
Leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn, ní mór urraim a thabhairt d’oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún 1951 a ghabhann le Coinbhinsiún na Ginéive agus faoi chonarthaí ábhartha eile, amhail an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh.[5] Ní mór prionsabal an non-refoulement atá in Airteagal 33 den Choinbhinsiún i dtaobh Dídeanaithe, a chomhlíonadh leis an gComhchóras freisin.
Ina theannta sin, ní mór do Bhallstáit Chomhairle na hEorpa a ráthú go mbeidh ag an uile dhuine laistigh dá ndlínse féin, lena n-áirítear imircigh, na cearta a chumhdaítear sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
An 6 Meitheamh 2017, d’eisigh an Chónaidhm Idirnáisiúnta um Chearta an Duine (CICD) ráiteas inar cáineadh an refoulement ar náisiúnaigh Turcacha ag na húdaráis Ghréagacha. De réir na faisnéise a bhí ar fáil do CICD, rinne na póilíní Gréagacha grúpa de náisiúnaigh Turcacha, a raibh sé mar aidhm acu cosaint idirnáisiúnta sa Ghréig a iarraidh chun éalú ó ghéarleanúint sa Tuirc, a thabhairt ar láimh chuig aonad d’fhir armtha agus masctha ar an 2 Meitheamh 2017 in Ervos chun go seolfaí ar ais chuig an Tuirc iad.[4]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.