country in Central Africa, capital Kinshasa From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Poblacht Dhaonlathach an Chongó ceann de na tíortha is mó san Afraic (tugadh 'Zaire' uirthi faoi réimeas Mobutu, 1965–1997).[1]
Poblacht Dhaonlathach an Chongó | |||||
---|---|---|---|---|---|
République démocratique du Congo (fr) | |||||
|
|||||
Mana | «Justice – Paix – Travail» «Justice – Peace – Work» «Справедливост - мир - труд» «Cyfiawnder - Heddwch - Gwaith» | ||||
Siombail oifigiúil | Okapia johnstoni | ||||
Ainmnithe in ómós | An Congó | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Kinshasa | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 86,790,567 (2019) | ||||
• Dlús | 37.01 hab./km² | ||||
Déamainm | Congólach | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhraincis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Lár na hAfraice | ||||
Achar dromchla | 2,344,858 km² | ||||
• Uisce | 3.3 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Pointe is airde | Mount Stanley (en) (5,109 m) | ||||
Pointe is ísle | an tAigéan Atlantach (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | An tSáír | ||||
Cruthú | 30 Meitheamh 1960: Poblacht an Chongó (Léopoldville) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Phoblacht Dhaonlathach an Chongó | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint Phoblacht Dhaonlathach an Chongó | ||||
• Uachtarán Phoblacht Dhaonlathach an Chongó | Joseph Kabila (en) (2001–2019) | ||||
• Príomh-Aire Phoblacht Dhaonlathach an Chongó | Ilunga Ilunkamba Sylvestre (2019–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 55,350,968,593 $ (2021) | ||||
Airgeadra | franc an Chongó | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | UTC+01:00 (a Équateur (en) , Bandundu Province (en) , Kinshasa, Kongo Central (en) ) UTC+02:00 (a Maniema (en) , South Kivu (en) , North Kivu (en) , Katanga Province (en) , Kasaï-Oriental (en) , Kasaï-Occidental (en) , Orientale Province (en) ) | ||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .cd | ||||
Glaochód | +243 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 113, 114 agus 118 | ||||
Cód tíre | CD |
Ritheann abhainn an Chongó tríd an tír.
Is í Kinshasa príomhchathair na tíre.
Iarchoilíneacht de chuid na Beilge is ea Daon-Phoblacht an Chongó (Kinshasa) agus iarchoilíneacht de chuid na Fraince is ea Poblacht an Chongó (Brazzaville).
Bhí spéis mhór ag comhlachtaí na Beilge i mianraí an Chongó le fada an lá. Bhíodh an tír i seilbh Léopold II, rí na Beilge ar feadh na mblianta 1887 - 1908.[3][4]
Ar an 2 Feabhra 1904, foilsíodh tuairisc Ruairí Mhic Easmainn um ainghníomhartha na mBeilgeach sa Chongó.
Sa bhliain 1909, foilsíodh tuairisc eile le Arthur Conan Doyle.
Sa bhliain 1960, d'éirigh an Bheilg as an gCongó. Thar thír ar bith eile san Eoraip, is féidir a rá gur beag an iarracht a bhí déanta ag Rialtas na Beilge pobal na tíre a chur i riocht an tír a rialú[5]. Ba thubaisteach agus b'fhuilteach an toradh a bhí ar an teitheadh seo ag an mBeilg as an gcoilíneacht.
Deich lá tar éis don Chongó neamhspleáchas a bhaint amach, bhí an cúige ba shaibhre, Katanga, ag fógairt gur stát neamhspleách é faoi cheannas Mhoise Tshombe. D'iarr Rialtas an Chongó faoi Phatrice Lumumba cabhair ar na Náisiúin Aontaithe chun an tír a choimeád ina aonad.
Cuireadh údaráis agus saighdiúirí de chuid na Náisiún Aontaithe go dtí an Congó[6] - saighdiúirí de chuid na hÉireann orthu ar maraíodh cuid acu ag Niemba.
Nuair a chuir na Náisiúin Aontaithe chun oibre sa Chongó, tháinig an Bhreatain, an Fhrainc agus an Bheilg ar chomhthuiscint faoi choinníoll a leag Stáit Aontaithe Mheiriceá síos - nach mbeadh aon troid ann idir fórsaí na Náisiúin Aontaithe agus arm na Beilge a bhí ag cabhrú le Tshombe agus nach mbeadh brabach ag na Cumannaithe as imeacht na mBeilgeach. Dar leis na trí rialtas, b'ionann sin agus 'ná cuirtear isteach ar Tshombe'. Nuair a dúirt Lumumba nach raibh sé sásta, agus go n-iarrfadh sé ar an Rúis teacht i gcabhair ar Rialtas an Chongó, bhí deireadh le réim Lumumba.
Faoin uair a bhí Katanga sásta géilleadh gur chuid den Chongó é, mar sin, ní raibh aon dream náisiúnta polaitiúil fágtha sa Chongó: bhí buíonta polaitiúla treibheacha ann, agus an ceann ba mhó, faoin gceannaire ba mhó tacaíocht i Londain, i bPáras, sa Bhruiséil agus in Washington, D.C., Moishe Tshombe. Sin mar a chuaigh sé i réim in áil Lumumba.
Le linn an chogaidh, maraíodh Lumumba agus nuair a bhí deireadh leis an troid bhí Tshombe ina Phríomh-Aire ar an gCongó.
Bhí trioblóidí eile sa Chongó san seascaidí (agus níos déanaí). Ach trí chomhoibriú idir an tUachtarán Kasavubu, Tshombe, an Bheilg, agus S.A.M., cuireadh an réabhlóid "Simba" (1963-1965) faoi chois.
Cuireadh Antoine Gizenga i bpríosún ar feadh tamall. Fuair sé tacaíocht ó Eagraíocht um Aontas na hAfraice[7], a bhí ag iarraidh deireadh a chur le tionchar lucht tionscail agus airgid na Beilge sa Chongó. Ach sa bhliain 1965, rug Sese Seko Mobutu greim ar rialú na tíre nuair a chuir sé Kasavubu agus Tshombe as oifig i gcoup d'état.
Zaire nó an tSáír a thugtaí ar an tír i réimse an cheannaire Mobuto Sese Seko (1965–1997).[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.