From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar clóraifill[1][2] ar an lí ghlas, ar díorthach porfairin mhaignéisiam í, a fhaightear i bplandaí, in algaí, agus i gcianbhaictéir, agus a ionsúnn fuinneamh radanta ó sholas na Gréine, den chuid is mó sa raon gorm (le tonnfhaid 435-8 mm) is sa raon dearg (tonnfhaid 670-80 nm). Tarlaíonn imoibriú idir dé-ocsaíd charbóin agus uisce agus déantar glúcós agus ocsaigin. Scaoiltear an ocsaigin amach san aer, agus déantar stáirse agus stóráiltear é. Faightear athraithigh, agus is iad na cinn is tábhachtaí clóraifill a is clóraifill b i bplandaí tíre, agus clóraifill c is clóraifill d i bhfeamainn na farraige.[3] Tagann an t-ainm ón Ghréigis: χλωρός (chloros "glas") agus φύλλον (phyllon "duilleog").
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.