From Wikipedia, the free encyclopedia
Le linn an Dara Cogadh Domhanda, thosaigh Cath na Fraince ar 10 Bealtaine 1940. Tháinig deireadh leis an gCogadh Bréige nuair a thug arm na Gearmáine ruathar ar Lucsamburg, ar an mBeilg agus ar an Ísiltír. Tháinig deireadh le Cath na Fraince nuair a ghlac na Naitsithe seilbh ar Thuaisceart na Fraince agus tháinig Hitler go Compiegne ar 21 Meitheamh chun sos cogaidh a shíniú..
Is ar an tríú lá Meithimh a thit na chéad bhuamaí ar Pháras.[1] Theith rialtas na Fraince, rialtas Paul Reynaud, go Bordeaux ar an 10 Meitheamh. Is faoi cheannas an Wehrmacht ceithre lá níos déanaí, ar 14 Meitheamh, a thit an phríomhchathair, Páras.
D'éirigh Reynaud as ar 16 Meitheamh.
Tháinig Maréchal Pétain, laoch míleata na Fraince sa Chéad Chogadh Domhanda, i gcomharbacht ar rialtas Reynaud. Ar 17 Meitheamh, dúirt Pétain leis an bpobal, i gcraoladh raidió náisiúnta: C’est le coeur serré que je vous dis aujourd’hui qu’il faut cesser le combat nó 'Le briseadh croí a deirim go gcaithfear géilleadh'.
Theith De Gaulle ar an lá céanna agus bhain sé Londain amach. Thug sé freagra ar óráid Pétain an lá dár gcionn, ar an mBBC, gníomh dúshlánach nuair a bhí an pobal i ngreim ag an éadóchas. Dúirt de Gaulle, 'Quoi qu’il arrive, la flame de la résistance française ne doit pas s’éteindre et ne s’éteindra pas" nó "Más mall lasair na saoirse, ná múchtar is ní mhúchfar í'.
Glaoitear an ‘Appel du 18 juin’ ar an bhfógairt seo. Níor thug de Gaulle aitheantas riamh do rialtas Pétain, nó do rialtas Vichy mar is fearr aithne air, ach d’iarr sé ar gach Francach bailiú timpeall air agus tús a chur le slógadh a chuirfeadh an ruaig ar an namhaid. Mar sin chuir de Gaulle tús leis an ngluaiseacht France Libre agus an Résistance sa Fhrainc.
Tháinig Hitler go Compiegne ar 21 Meitheamh chun sos cogaidh a shíniú.
Ina leabhar Suite Française, tugann Irène Némirovsky cur síos ar an gcíor thuathail inar fágadh na daoine i rith na tréimhse sin.
A luaithe a bhí an Fhrainc faoi chois, chuir an Wehrmacht tús le feachtas bolscaireachta inar iarradh ar phobal na Fraince glacadh le forlámhas fórsaí na Gearmáine agus cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar an sean-namhaid, An Ríocht Aontaithe.
Appel du 18 juin
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.