![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/de/Jaundice_eye.jpg/640px-Jaundice_eye.jpg&w=640&q=50)
Buíochán
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is buíochán ann ná riocht ina mbíonn méadú i dtiúchan na líocha domlais (bilearúibin is biliveirdin) sa bhfuil. Fágann siad seo smál ar an gcraiceann is fíocháin eile, gealacáin na súl ina measc, agus tagann siad le bheith glasbhuí.
![]() ![]() | |
Cineál | comhartha cliniciúil, abnormal skin coloration (en) ![]() ![]() ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | internal medicine (en) ![]() ![]() |
Aicmiú | |
ICD-10 | R17 ![]() |
ICD-9 | 782.4 ![]() |
CIAP | D13 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 7038 ![]() |
MedlinePlus | 003243 agus 000210 ![]() |
Patient UK | Jaundice ![]() |
MeSH | D007565 ![]() |
UMLS CUI | C0022346 agus C0242183 ![]() |
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/19/Jaundice08.jpg/640px-Jaundice08.jpg)
Tá 3 phríomhchúis a fhéadfaidh an riocht seo a tharraingt: má tharlaíonn dianscaoileadh iomarcach lí na fola, haemaglóibin, táirgtear méid mínormálta ard de líocha an domlais, rud a sháithíonn cumas an ae chun iad a eisfhearadh (buíochán haemalaíoch); má bhíonn galar géar ar an ae is laghdú ar a chumas líocha an domlais a dhíbirt ón bhfuil go dtí an stéig, bailíonn na líocha seo sa cholainn; má bhíonn bac ar thaisteal líocha an domlais as an ae tríd an bhfeadán coiteann domlasach, de bharr cloch domlais mar shampla, bailíonn na líocha san ae is scaipeann sa cholainn i gcoitinne.[1]