Haemaglóibin
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is haemaglóibin ann ná próitéin ina bhfuil an haem-mhóilín, ina bhfuil adamh iarainn lárnach, a iompraíonn ocsaigin sa bhfuil. Tá dhá roinn sa bhfuil agus an toirt chéanna iontu: na cealla bána is dearga (na heiritricítí), agus an fuilphlasma.
![]() ![]() | |
Substaint cheimiceach | family of protein complexes (en) ![]() |
---|---|
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | C₂₉₅₂H₄₆₆₄O₈₁₂₅S₈Fe₄₃₂₁ |
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/3d/1GZX_Haemoglobin.png/640px-1GZX_Haemoglobin.png)
Sna heiritricítí atá an haemaglóibin lonnaithe. I dtimthriall amháin d'imshruthú na fola, agus an fhuil ag rith trí na ribeadáin fola sna scamhóga, idirleathann an ocsaigin isteach inti ó na hailbheolais, agus tagann dath dearg ar an bhfuil athnuaite seo.
Sa timthriall eile den imshruthú, nuair a ritheann an fhuil trí na ribeadáin fola i bhfíocháin eile na colainne, idirleathann an ocsaigin amach as an bhfuil is idirleathann dé-ocsaíd charbóin isteach inti, agus tagann dath gorm dorcha uirthi.
Tá galair ghéiniteacha ann a chuireann isteach ar fheidhmiú na haemaglóibine. Buaileann ainéime chorráncheallach daoine gorma amháin. Is amhlaidh a bhíonn cuid de na móilíní haemaglóibine máchaileach ó bhreith, ionas go n-athchumann na heiritricítí ina gcorráin.
Calcann na cealla athchumtha seo fuileadáin bheaga, rud a choimeádann ocsaigin ó fhíocháin, á milleadh. Mar thoradh, is annamh a mhaireann an t-ainniseoir thar 20 bliain d'aois.
Tá galar géiniteach eile cosúil léi a bhuaileann daoine ó imeall na Meánmhara, ainéime Cooley. Sa ghalar seo, bíonn cuid den haemaglóibin máchaileach ar shlí go dtiteann na heiritricítí as a chéile, agus milleann sé seo fíocháin, ceal ocsaigine.[1]