Breithiúnas
dráma le Máiréad Ní Ghráda a léiríodh den chéad uair sa bhliain 1968 / From Wikipedia, the free encyclopedia
Dráma le Máiréad Ní Ghráda is ea Breithiúnas, ar cheann de mhórdhrámaí na Gaeilge,[1] agus atá ar churaclam an GCE.[2] Léiríodh an dráma den chéad uair ar 5 Feabhra 1968 ar stáitse na Péacóige agus Peadar Lamb sa phríomhpháirt, Marcas de Grás.[3]
Fíricí Gasta Cineál, Údar ...
Cineál | dráma |
---|---|
Údar | Máiréad Ní Ghráda |
Teanga | an Ghaeilge |
Dáta foilsithe | 1968 |
Dún
Polaiteoir an phríomhphearsa sa dráma, fear a chuaigh chun cinn ó aimsir Chogadh na Saoirse. D’fhéadfaí a rá gur teachtaireachtaí sách duairc atá ag an dráma: go maireann an dochar a dhéanann daoine ina ndiaidh agus go ndeachaigh leithéidí Mharcais chun cinn ar chostas na mban go háirithe. Ach sa deireadh fágann Máiréad Ní Ghráda faoin lucht féachana breithiúnas a thabhairt ar an bhfianaise atá curtha os a gcomhair.[4]