druma Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is cnaguirlis Éireannach é an bodhrán( bodhrán) .[1] Seinntear go minic é i gceol traidisiúnta na hÉireann.[2] Is druma fráma é.[2] Tá an druma fráma i measc na n-uirlisí ceoil is ársa.[3] I rangú uirlisí ceoil Hornbostel-Sachs, is é uimhir 211.321 é (Druma fráma le craiceann amháin).[4] Tá an bodhrán an-chosúil leis an tambóirín.[5]
Cineál | druma fráma |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 211.311 |
Ó dhúchas | Éire |
Sampla fuaime | |
Ionstraimí gaolmhara | tambóirín |
Ní fios cathain a ceapadh an bodhrán. Tá go leor cosúlachtaí idir an bodhrán agus drumaí fráma ón Afraic Thuaidh agus ón Tuaisceart na hÁise.[6] D'fhéadfadh sé gur ceapadh an bodhrán i gceann amháin de na háiteanna seo.[6] Deirtear freisin, áfach, gur uirlis talmhaíochta a bhí ann ar dtús agus úsáideadh é ina dhiaidh sin mar uirlis cheoil.[7] Tá go leor cosúlachtaí idir an bodhrán agus tráidire craicinn a úsáidtear sa talmhaíocht chun síolta a scaradh ón gcáithleach.[8] I mBailiúchán na Scol ó dheireadh na 1930idí, tá tríocha tagairt don fhocal 'bodhrán' as trí chontae dhéag.[8] Baineann na tagairtí seo den chuid is mó leis an uirlis talmhaíochta nó le bodhaire. Ní thagraíonn ach tagairt amháin dó mar uirlis cheoil a úsáideann lucht an Dreoilín.[8] Ba bhannaí fear agus buachaillí iad lucht an Dreoilín, a chuaigh ó theach go teach ag seinm ceoil thraidisiúnta chun siamsaíocht a chur ar fáil do mhuintir na háite ar Lá Fhéile Stiofáin.[8] Tháinig tóir ar an mbodhrán toisc gur úsáideadh é mar bhuille don cheol a sheinn siad.[9] Baineadh úsáid as an mbodhrán freisin mar dhruma cogaidh ar feadh na staire.[7]
Tá an chéad tagairt scríofa don fhocal bodhrán le fáil i lámhscríbhinn a scríobhadh roimh thús an tseachtú haois déag.[10] Luaitear sa lámhscríbhinn seo fuaim an bhodhráin. Tá an chéad tagairt eile don fhocal bodhrán le fáil i ngluais a foilsíodh sa naoú haois déag.[10] Bailíodh na focail sa ghluais seo idir deireadh an ochtú haois déag agus tús an naoú haois déag.[10] Sa liosta focal seo, déantar cur síos ar an mbodhrán mar dhruma agus mar uirlis talmhaíochta.[10] Tá an chéad íomhá den bhodhrán le feiceáil i bpictiúr ola le Daniel Maclise de chóisir tí Oíche Shamhna i gContae Chorcaí.[10] Taispeánadh an pictiúr ola in Acadamh Ríoga Londan in 1833.[10] Is féidir duine atá ag seinm an bhodhráin a fheiceáil go soiléir san íomhá.[10] Taifeadadh fuaim an bhodhráin den chéad uair ar cheirnín sna 1920idí.[9] Tháinig tóir air i lár an fhichiú haois nuair a rinneadh athnuachan ar an tóir a bhí ar cheol traidisiúnta na hÉireann.[9] Bhí ról mór ag Seán Ó Riada i gcur chun cinn an bhodhráin.[7] Thóg sé an bodhrán isteach sa ghrúpa Ceoltóirí Cualann sna 1960idí agus chabhraigh sé seo le húsáid an bhodhráin a athbheochan.[11] In 1973, cuireadh tús den chéad uair le comórtas bodhráin ag Fleadh Cheoil na hÉireann.[8] Tá an comórtas bodhráin seo fós ar siúl.[12] In 2006, bhí Craobhchomórtas Bodhráin an Domhain ar siúl den chéad uair i gCiarraí.[13] Bhuaigh Colm Phelan é an bhliain sin agus ba é an chéad seaimpín domhanda den bhodhrán é.[13]
Is éard atá sa bhodhrán fráma ciorclach adhmaid le craiceann ainmhí sínte thar thaobh amháin.[7] Go traidisiúnta, úsáideadh seithe gabhair nó craiceann caorach ach inniu tá sé níos coitianta craicne sintéiseacha a úsáid.[7] Mar sin féin, ní dhéanann craiceann sintéiseach an cineál céanna fuaime le craiceann ainmhithe.[14] De ghnáth bíonn trastomhas an bhodhráin idir 35 agus 40 ceintiméadar agus de ghnáth bíonn an doimhneacht idir 12 agus 15 cheintiméadar.[14] Tá méid an bhodhráin tábhachtach ionas gur féidir leis an seinnteoir é a sheinm i gceart. Bíonn tionchar aige freisin ar an bhfuaim a dhéanann sé.[14] Is féidir le barra tacaíochta roghnach a bheith ag bodhrán. Is féidir leis seo a bheith ina bharra aonair, T-bharra nó barra trasna.[14] Tugann an barra seo tacaíocht do lámh an tseinnteora nuair atá an lámh in aghaidh an chraicinn. Dá bhrí sin, is minic a roghnaíonn tosaitheoirí barra tacaíochta a bheith acu ar a mbodhrán chun é a dhéanamh níos éasca dóibh agus iad ag foghlaim.[14] Is féidir an barra tacaíochta a úsáid freisin chun an bodhrán a choinneáil agus tú i do sheasamh ag seinm é.[15]
Féadann dálaí an atmaisféir an craiceann a scaoileadh nó a theannadh.[16] Rialaíonn teannas an chraicinn an fhuaim a dhéantar.[14] Má tá craiceann an bhodhráin teann, beidh sé ina chúis le ton ard.[17] Má tá craiceann an bhodhráin scaoilte, beidh sé ina chúis le ton íseal.[17] Dá bhrí sin, tá scriúnna ag go leor bodhrán nua-aimseartha chun cabhrú le teannas an chraicinn a athrú go dtí na leibhéil oiriúnacha, rud a chabhraíonn le nóta níos ceolmhaire a dhéanamh.[16] Úsáidtear eochair Allen de ghnáth chun na scriúnna a chasadh sna bodhráin intiúnáilte seo.[17] Is éard atá i gceist le mionathrú coitianta eile ná téip leictreach a chur timpeall imeall an bhodhráin chun fuaimeanna nach bhfuil ag teastáil a tharlaíonn ó chreathanna an chraicinn a laghdú.[16] Úsáidtear téip leictreach toisc go bhfuil sé déanta as rubar agus sínfidh sé de réir mar a athraíonn teannas an chraicinn.[16]
Buailtear an bodhrán leis an lámh, nó le slat bheag ar a dtugtar cipín.[8] De ghnáth, is píosa díreach adhmaid láidir é ar nós adhmad ó chrann fuinseoige nó ó chrann cuilinn.[8] Is minic a bhíonn foircinn bhleibíneacha ar an gcipín.[8] Úsáidtear bata scuab freisin. Leis an mbata scuab, buailtear an druma leis na scuaba a tháirgeann fuaim níos boige.[18]
Is féidir an bodhrán a sheinm ar go leor bealaí éagsúla. De ghnáth seinntear an bodhrán agus tú i do shuí cé gur féidir é a sheinm agus tú i do sheasamh freisin.[19] Tá níos mó smachta ag seinnteoirí ar an mbodhrán má tá siad ag seinm agus iad ina suí mar is féidir leo an bodhrán a chur ar a nglúin.[19] Coinnítear an bodhrán go hingearach i lámh chlé an tseinnteora.[20] Cuirtear an lámh chlé ar an gcraiceann ar chúl an druma chun an fhuaim a mhaolú agus a athrú.[20] Má tá barra tacaíochta ann is féidir leis tacú leis an lámh. Tá an bodhrán buailte le lámh dheas an tseinnteora nó leis an gcipín atá ina lámh dheas.[20] Is féidir le seinnteoir ciotógach an bodhrán a choinneáil ina lámh dheas agus é a bhualadh lena lámh chlé más mian leo.[21] Tá stíleanna láimhe agus stíleanna bata éagsúla ann a úsáidtear chun an bodhrán a sheinm.
Tá go leor stíleanna bata éagsúla ann. Úsáideann stíleanna bata difriúla teicnící difriúla. Is é stíl Chiarraí an stíl bata is coitianta.[18] Leis an stíl seo, coinnítear an cipín ar an mbealach céanna le peann[15] agus úsáidtear dhá fhoirceann an chipín.[7] Stíl eile is ea stíl Iarthar Luimnigh.[18] Is éard atá i gceist leis seo, an cipín a chrochadh go hingearach ón lámh agus an bodhrán a bhualadh.[18] Ní úsáidtear ach foirceann amháin den chipín leis an stíl seo.[7]
Tá go leor stíleanna bata nua forbartha ag seinnteoirí bodhráin.[18] Tugtar an stíl "top-end" ar cheann de na stíleanna a forbraíodh.[22] Tá an stíl seo an-chosúil le stíl Iarthar Luimnigh. Leis an stíl "top-end", áfach, coinnítear an bata idir an ordóg agus an chorrmhéar agus is lúbtar na trí mhéar eile isteach i mbos na láimhe.[18] Tá timpeall bharr an bhodhráin buailte leis an mbata.[22] Is gnách go mbíonn bodhrán a sheinntear sa stíl seo níos lú le ceann druma níos tibhe.[22] Tá stíl eile a forbraíodh an-chosúil leis an stíl seo. Baineann sé le bun an bhodhráin a bhualadh, áfach.[22] Tugtar an stíl "bottom-end" ar an stíl seo.[22]
Tá go leor stíleanna láimhe éagsúla ann freisin a úsáideann teicnící éagsúla. Úsáidtear na méara, an ordóg agus ailt na méar go coitianta chun an bodhrán a bhualadh.[18] Leis stíl Ros Comáin, seinntear an bodhrán le hailt na méar.[18] Tá stíl an Chláir an-chosúil leis seo. Ní úsáidtear ach an t-alt ar an gcorrmhéar, áfach.[18] Tá stíl Iarthar Chorcaí cosúil le stíl Ros Comáin freisin ach ní úsáidtear ach alt na hordóige agus an t-alt ar an méar bheag.[23]
Ba chóir an bodhrán a stóráil in áit fhionnuar le gnáthleibhéal taise.[24] Má tá an bodhrán gan chosaint ón teas, is féidir leis an gcraiceann a bheith tirim. Is féidir leis an triomacht an craiceann a dhéanamh níos dolúbtha.[24] Má éiríonn an craiceann ró-dhaingean, is féidir leis scoilteadh nó tarraingt ó na bioráin a choinníonn é ina áit.[25] Bealach eile le cosc a chur ar chraiceann an bhodhráin ó bheith róthirim is ea ola nó oiriúntóir a chur ar an taobh seinnte den chraiceann ó am go chéile.[24] Is oiriúntóir coitianta é Lanailin a úsáidtear chun craicne bodhrán a chóireáil.[24] Má éiríonn an craiceann ar an mbodhrán tais agus má bhíonn sé scaoilte, is féidir é a dhéanamh níos teinne trína chuimilt go dian le bos na láimhe, nó le teas íseal.[25] Má éiríonn cúl an chraicinn salach, is féidir é a ní le huisce bog agus le leacht níocháin.[26] Is féidir é a ghlanadh le spúinse nó le héadach agus ba chóir é a fhágáil chun triomú thar oíche.[26] Glantar an cúl chun an salann agus salachar a bhaint a d'eascair as bos na láimhe atá sáithithe isteach sa chraiceann agus é á sheinm.[26] Mura ndéantar é a ghlanadh beidh an craiceann ag scoilteadh agus ag stróiceadh sa deireadh.[26]
Tá an bodhrán níos coitianta in Éirinn ná in aon áit eile, ach tá tóir air i dtíortha Eorpacha eile freisin ar nós Albain áit a gcloistear é i gceol tíre.[27] Seinntear é freisin i Meiriceá agus i gcúigí i gCeanada ar nós Talamh an Éisc agus Labradar.[28]
Tá clú ar go leor daoine as an mbodhrán a sheinm. Tá Rónán Ó Snodaigh, atá ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna Kíla, aitheanta mar cheann de na seinnteoirí bodhráin is nuálaí.[29] Tá cáil ar Junior Davey as an mbodhrán a sheinm freisin. Bhuaigh sé craobh na hÉireann ar an mbodhrán cúig huaire ag Fleadh Cheoil na hÉireann.[30] Bhuaigh Aimee Farrell Courtney an chraobh dhomhanda ar an mbodhrán in 2010. Ba í an chéad bhean a bhuaigh an teideal seo.[31] Tá cáil ar Séan McCann, as Talamh an Éisc agus Labradar, as an mbodhrán a sheinm.[32] Chuidigh John Joe Kelly, atá ina bhall den bhanna ceoil Flook, leis an íomhá as dáta den bhodhrán a nuashonrú.[33] Bhí meas mór ar Paul Phillips mar sheinnteoir bodhráin.[34] Tá clú ar go leor eile as an mbodhrán a sheinm ar nós Tommy Hayes, a bhí ina bhall den bhanna ceoil Stockton's Wing, Peter Mercier a bhí ina bhall de na bannaí Ceoltóirí Chualann agus The Chieftains,[33] Kevin Conneff atá ina bhall reatha den bhanna ceoil The Chieftains,[35] Caroline Corr atá ina ball den bhanna The Corrs,[36] Kevin Crawford atá ina bhall den bhanna Lúnasa,[37] Christy Moore,[38] agus go leor daoine eile.
Tá an bodhrán le cloisteáil in go leor amhrán cáiliúla ar nós "Galway Girl" le Ed Sheeran.[39] Tá os cionn 900 milliún sruth ag an amhrán seo ar Spotify.[40] Tá an t-amhrán le fáil ar a albam “Divide”.[40] Is féidir an bodhrán a chloisteáil freisin i leagan de "The Foggy Dew" le The Chieftains agus Sinead O'Connor.[41] Tá an t-amhrán le fáil ar an albam "The Long Black Veil" le The Chieftains.[41] Tá os cionn 12 milliún sruth ag an amhrán seo ar Spotify.[42] Is féidir an bodhrán a chloisteáil freisin i roinnt amhrán le The Corrs.[43] Is amhráin le The Corrs iad "When He’s Not Around" agus "Dreams" ina gcloistear an bodhrán.[43] Tá na hamhráin seo le fáil ar an albam "Talk on Corners".[43]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.