From Wikipedia, the free encyclopedia
Is dealbh chré-umha é Anna Livia atá suite i bPáirc Acra na gCraipithe i mBaile Átha Cliath. Bhí sé suite ar Shráid Uí Chonaill idir 1988 agus 2001.[1]
Anna Livia | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Leacht cuimhneacháin | |||
Ealaíontóir | Éamonn O'Doherty | |||
Tréith | ||||
Déanta as | cré-umha | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Stáisiún Heuston, Éire | |||
| ||||
Ba é an dealbhóir Éireannach Éamonn O'Doherty a dhear an dealbh.[2] Choimisiúnaigh an fear gnó Michael Smurfit é i gcuimhne ar a athair, mar chuid de cheiliúradh Mhílaois Bhaile Átha Cliath in 1988.[3]
Is pearsantú ar an Life é. Tagann an t-ainm Anna Livia ó charachtar sa leabhar Finnegans Wake le James Joyce darb ainm Anna Livia Plurabelle a bhí ina pearsantú ar an abhainn freisin. Nuair a bhí an dealbh ar Shráid Uí Chonaill, léiríodh an abhainn mar bhean óg ina luí ar fhána le huisce ag sreabhadh uirthi. Thug muintir Bhaile Átha Cliath an leasainm “Floozie in the Jacuzzi” uirthi,[1][4] leasainm ar thacaigh an dealbhóir leis.[5]
Baineadh an dealbh anuas óna shuíomh ar Shráid Uí Chonaill in 2001 chun áit a réiteach do Thúr Solais Bhaile Átha Cliath. I mí Feabhra 2011, athlonnaíodh an dealbh go Páirc Chuimhneacháin Acra na gCraipithe in aice leis an Life, i ngar do stáisiún Heuston.[4]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.