![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/01/Mensa_constellation_map.png/640px-Mensa_constellation_map.png&w=640&q=50)
An Tábla
réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí theas / From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá an Tábla ar cheann de na réaltbhuíonta miona atá le feiceáil ar an leathsféar neamhaí theas. Ba é an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh sna blianta 1751-52 é. Mons Mensae (a chiallaíonn "sliabh an tábla") an t-ainm Laidine a thug sé ar dtús air, i gcuimhne Shliabh an Tábla san Afraic Theas, áit a ndearna sé a chuid oibre breathnaithí.
![]() | |
Ainm Laidine (IAU) | Mensa |
---|---|
Nod | Men |
Ginideach Laidine | Mensae |
Siombalaíocht | an Bord |
Dronairde | 6 h |
Diallas | −78° |
Achar | 153 céim cearnach Céim 75ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | α Men (méid 5.09) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +0° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Eanáir an infheictheacht is fearr |
Is réaltbhuíon an-doiléir é an Tábla – an ceann is doiléire, déanta na fírinne – gan aon réaltaí geala i measc a chuid réaltaí, ach tá píosa de Scamall Mór Magellan le feiceáil air (agus an chuid eile ar réaltbhuíon an Cholgáin). Deirtear go bhfuil an Scamall neamhaí cosúil leis an "Éadach boird" mar a deirtear leis, sin le rá scamall bán a bhíonn le feiceáil anois is arís os cionn Shliabh an Tábla.
Tugtar Mensa mar ainm Laidine ar an Tábla sa lá atá inniu ann, rud a chiallaíonn "tábla".