An Colgán
réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí theas / From Wikipedia, the free encyclopedia
Réaltbhuíon dheisceartach is ea an Colgán, ceann den dá réaltbhuíon déag a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir na blianta 1595 agus 1597 ar son an réalteolaí Phléimeannaigh Petrus Plancius. Thug an réalteolaí Gearmánach Johann Bayer isteach ina léarscáil neamhaí Uranometria é sa bhliain 1603.
Ainm Laidine (IAU) | Dorado |
---|---|
Nod | Dor |
Ginideach Laidine | Doradus |
Siombalaíocht | an Colgán |
Dronairde | 5 h |
Diallas | −60° |
Achar | 179 céim cearnach Céim 72ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | α Dor (méid 3.27) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +20° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Feabhra an infheictheacht is fearr |
Is é Dorado an t-ainm Laidine a thugtar ar an réaltbhuíon seo, cé nach focal Laidine go fíor é ar chor ar bith: focal Spáinnise is ea dorado, a chiallaíonn "órga" nó "óraithe" agus a thugtar go coitianta ar an dorád (Coryphaena hippurus), iasc a fhaightear i mara trópaiceacha is fothrópaiceacha ar fud an Domhain. Mahi-mahi a thugtar ar an dorád i measc lucht Haváí, agus dolphin-fish, dolphin nó dorado as Béarla. Is é Doradus an fhoirm ghineadach atá ar Dorado, cé nach bhfuil an fhoirm seo ar an ngnáthfhoirm ghineadach as Laidin.
As Béarla tugtar Dorado, The Swordfish nó The Goldfish ar an réaltbhuíon seo. Thug an t-eolaí Gearmánach Johannes Kepler Xiphias ("Claíomh") air ina Tabulae Rudolphinae sa bhliain 1627; sa bhliain 1758 bhain an tacsanomaí Sualainneach Carl von Linné úsáid as an focal Xiphias chun an colgán a chur in iúl. Is dócha gurb é sin an chúis a dtugtar an t-ainm seo go coitianta ar an réaltbhuíon.
Is é an tsaintréith is suntasaí de chuid na réaltbhuíne seo ná go bhfuil an chuid is mó de Scamall Mór Magellan le feiceáil air. (Tá an chuid eile ar réaltbhuíon an Tábla.) Tá Pol Theas an Éicliptigh ar an réaltbhuíon seo chomh maith.