![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/16/Chamaeleon_constellation_map.png/640px-Chamaeleon_constellation_map.png&w=640&q=50)
An Caimileon
réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí theas / From Wikipedia, the free encyclopedia
Réaltbhuíon dhoiléir dheisceartach is ea an Caimileon, ceann den dá réaltbhuíon déag a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir na blianta 1595 agus 1597 ar son an réalteolaí Phléimeannaigh Petrus Plancius. Thug an réalteolaí amaitéarach Gearmánach Johann Bayer isteach ina léarscáil neamhaí Uranometria é sa bhliain 1603.
Fíricí Gasta Ainm Laidine (IAU), Nod ...
![]() | |
Ainm Laidine (IAU) | Chamaeleon |
---|---|
Nod | Cha |
Ginideach Laidine | Chamaeleontis |
Siombalaíocht | an caimileon |
Dronairde | 11 h |
Diallas | −80° |
Achar | 132 céim cearnach Céim 79ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | γ Cha) (méid 4.1) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +0° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Aibreán an infheictheacht is fearr |
Dún
I measc lucht na hAstráile tugtar "an Friochtán" ar chuid na réaltbhuíne seo go coitianta toisc go bhfuil scothchosúlacht friochtáin air (féach fosta an Phéacóg).
Tugtar Chamaeleon mar ainm Laidine ar an gCaimileon.