An Phéist Bheag
réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí theas / From Wikipedia, the free encyclopedia
Réaltbhuíon dhoiléir dheisceartach is ea an Phéist Bheag, ceann den dá réaltbhuíon déag a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir na blianta 1595 agus 1597 ar son an réalteolaí Phléimeannaigh Petrus Plancius, agus a thug isteach an réalteolaí amaitéarach Gearmánach Johann Bayer sa bhliain 1603 sa léarscáil neamhaí dá chuid dá ngairtear Uranometria.
Fíricí Gasta Ainm Laidine (IAU), Nod ...
Ainm Laidine (IAU) | Hydrus |
---|---|
Nod | Hyi |
Ginideach Laidine | Hydri |
Siombalaíocht | an Phéist Mhara |
Dronairde | 2 h |
Diallas | −70° |
Achar | 243 céim cearnach Céim 62ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 2 |
Réalta is gile | β Hyi (méid 2.82) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +8° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Nollaig an infheictheacht is fearr |
Dún
Tugtar Hydrus mar ainm Laidine ar an bPéist Bheag, rud a chiallaíonn "nathair" nó "péist mhara".
Bí cúramach gan an réaltbhuíon seo a thógáil in abhraíocht réaltbhuíon na Péiste, dá ngairtear Serpens as Laidin, ná in abhraíocht réaltbhuíon na Péiste Uisce, dá ngairtear Hydra as Laidin.