![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f0/Canis_minor_constellation_map.png/640px-Canis_minor_constellation_map.png&w=640&q=50)
An Madra Beag
réaltbhuíon ar an meánchiorcal neamhaí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá an Madra Beag ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo; tá sé ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon a d'aithin Tolamaes sa 2ú aois. Is é Canis Minor an t-ainm Laidine a thugtar air, rud a chiallaíonn "an madra is lú". Deirtear gurbh é ceann den dá mhadra a bhí sna sála ag an sealgaire Oiríon (féach fosta réaltbhuíonta an Bhodaigh, an Mhadra Mhóir, agus na Madraí Fiaigh) a bhí i gceist.
Fíricí Gasta Ainm Laidine (IAU), Nod ...
![]() | |
Ainm Laidine (IAU) | Canis Minor |
---|---|
Nod | CMi |
Ginideach Laidine | Canis Minoris |
Siombalaíocht | an Madra Beag |
Dronairde | 8 h |
Diallas | +5° |
Achar | 182 céim cearnach Céim 71ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 2 |
Réalta is gile | Procyon (α CMi) (méid 0.38) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +85° agus −75° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Márta an infheictheacht is fearr |
Dún
Is réaltbhuíon bheag é an Madra Beag, gan faic le feiceáil inti den chuid is mó ach dhá réalta: Procyon (α CMi) agus Gomeisa (β CMi).