réaltbhuíon de chuid an stoidiaca sa leathsféar neamhaí thuaidh From Wikipedia, the free encyclopedia
I gcúrsaí réalteolaíochta agus astralaíochta, tá an Portán ar cheann de réaltbhuíonta an stoidiaca. Is é Cancer, a chiallaíonn portán, an t-ainm Laidine a thugtar air. Is réaltbhuíon bheag dhoiléir é an Portán, agus is beag duine a aithníonn é as an ainmhí ar baisteadh é as. Tá sé suite i measc an Chúpla, atá ar an taobh thiar de, an Leoin ar an taobh thoir de, na Lincse ar an taobh thuaidh de, agus an Mhadra Bhig is na Péiste Uisce ar an taobh theas de.
Ainm Laidine (IAU) | Cancer |
---|---|
Nod | Cnc |
Ginideach Laidine | Cancri |
Siombalaíocht | an Portán |
Dronairde | 9 h |
Diallas | +20° |
Achar | 506 céim cearnach Céim 31ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | Al Tarf (β Cnc) (méid 3.5) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −60° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Márta an infheictheacht is fearr |
Sa mhéid go bhfuil scothchosúlacht portáin ar an réaltbhuíon seo, b'fhéidir go bhfuil baint éigin aici, i dteannta réaltbhuíon na Péiste Uisce, le bunús mhiotas Hiodra Leirné, atá ar ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail agus a bhfuil an Portán ceangailte leis.
Baineann comhartha astralaíoch an Phortáin (Meitheamh 21 - Iúil 22) leis an réaltbhuíon atá ar aon ainm leis. De réir cosmeolaíochtaí áirithe, ceanglaítear an Portán le dúil chlasaiceach an Uisce, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha an uisce é (i dteannta na Scairpe agus na nIasc). Tá sé freisin ar ceann de na ceithre chomhartha Chairdineálta (i dteannta na Meá, an Ghabhair, agus an Reithe). Rialaítear ag an nGealach é. Is é an Gabhar is frithchomhartha polach leis.
Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn seo mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Portán na cíocha agus an bolg. Ar ndóigh, is é an tsiombail atá ar an gcomhartha seo ná an portán é féin. I measc tréithe an Phortáin áirítear righneas, tocht láidir anfach, taghdanna tréana, cosantacht fhíochmhar muintire is tíre, cumas láidir ar dhaoine eile a chothú, agus cur in aghaidh athraithe sheachtraigh; ach cuirtear cúpla drochthréith san áireamh freisin, ina measc an-luí le bheith ceangailte go ró-thochtmhar, rachtanna, agus paranóia éadrom.
Daoine cáiliúla ar rugadh faoin gcomhartha seo iad, nó "Clann na Gealaí" mar a thugtar orthu: George W. Bush, Franka Potente, Liv Tyler, Pamela Anderson agus Tom Cruise.
Sna seachtóidí moladh an comhartha astralaíoch seo a athainmniú, ó tharla gur cheap astralaithe éigin gurbh ruaigtheach é an comhcheangal samhlaithe leis an ngalar Ailse, nó "cancer" mar a thugtar as Béarla uirthi. Daoine éigin ar rugadh faoi chomhartha na gréine den Phortáin iad, gaireann siad Clann na Gealaí díobh féin ina ionad, mar baineann an comhartha leis an nGealach de réir astralaíochta.
an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc |
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.