![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e5/Canis_major_constellation_map.png/640px-Canis_major_constellation_map.png&w=640&q=50)
An Madra Mór
réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí theas / From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá an Madra Mór ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo; tá sé ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon a d'aithin Tolamaes sa dara haois. Canis Major an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaíonn an madra is mó. Deirtear gurbh é ceann den dá mhadra a bhí sna sála ag an sealgaire Oiríon (féach fosta réaltbhuíonta an Bhodaigh, an Mhadra Bhig, agus na Madraí Fiaigh) a bhí i gceist. Tá Sirius, an réalt is gile ar spéir na hoíche, sa réaltbhuíon an Mhadra Mhóir, agus tá an réalta sin ar cheann de thrí rinn Thriantán an Gheimhridh chomh maith.
Fíricí Gasta Ainm Laidine (IAU), Nod ...
![]() | |
Ainm Laidine (IAU) | Canis Major |
---|---|
Nod | CMa |
Ginideach Laidine | Canis Majoris |
Siombalaíocht | an Madra Mór |
Dronairde | 7 h |
Diallas | −20° |
Achar | 380 céim cearnach Céim 43ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 5 |
Réalta is gile | Sirius (α CMa) (méid −1.46) |
Dreigecheathanna | Dada |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +60° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Feabhra an infheictheacht is fearr |
Dún