![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8f/Map_of_Celtic_Nations.svg/langga-640px-Map_of_Celtic_Nations.svg.png&w=640&q=50)
An Chomhdháil Cheilteach
eagraíocht chultúrtha / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is eagraíocht chultúrtha í An Chomhdháil Cheilteach (Briotáinis: Ar C'hendalc'h Keltiek, Coirnis: An Guntelles Keltek, Manainnis: Yn Cohaglym Celtiagh, Gaeilge na hAlban: A'Chòmhdhail Cheilteach, Breatnais: Y Gyngres Geltaidd) a fhéachann le teangacha Ceilteacha na hÉireann, na hAlban, na Breataine Bige, na Briotáine, Chorn na Breataine agus Oileán Mhanann a chur chun cinn. Is eagraíocht charthanach neamhpholaitiúil í Comhdháil Idirnáisiúnta na gCeilteach agus is é an cuspóir atá luaite aici ná "... cultúr, idéil agus teangacha na bpobal Ceilteach a bhuanú, agus teagmháil intleachtúil agus dlúthchomhar a chothú idir na pobail Cheilteacha faoi seach ."
Sonraí | |
---|---|
Cineál | institiúid chultúrtha ![]() |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1917 |
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8f/Map_of_Celtic_Nations.svg/640px-Map_of_Celtic_Nations.svg.png)
██ Alba
██ Éire
██ Cymru
██ Kernow
██ Breizh
Níor cheart an Chomhdháil Cheilteach a mheascadh suas leis an gConradh Cheilteach a dhíríonn freisin ar chúrsaí polaitiúla, cé go bhfuil roinnt cuspóirí céanna ag an dá eagraíocht. Cosúil leis an gConradh Ceilteach, déanann sí iarracht “....comhdháil idirnáisiúnta bhliantúil a thionól i gceann de na sé thír Cheilteacha, de réir uainíochta seasta más féidir”. Scar an Chonradh Cheilteach féin go cairdiúil ón gComhdháil Cheilteach, le haidhmeanna polaitiúla a shaothrú, agus tá go leor daoine ina mbaill den dá eagraíocht..
Bíonn Comhdháil Cheilteach Idirnáisiúnta gach bliain i gceann de na tíortha Ceilteacha. Cuireadh Comhdháil 2020, a bhí beartaithe ar dtús do Aberystwyth, sa Bhreatain Bheag ar ceal i mí an Mhárta 2020 mar gheall ar phaindéim an choróinvíris .Reáchtáladh Comhdháil 2021, a bhí beartaithe do Aberystwyth, ar líne.[1]