An Bhriotáinis
teanga Cheilteach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is teanga Cheilteach í an Bhriotáinis (Brezhoneg) i ngrúpa na dteangacha Breatnacha. I ré na hImpreachta Rómhánaí, chuaigh daoine thar farraige ón mBreatain go hiarthuaisceart na Fraince an lae inniu. Thugadar a dteanga leo, teanga a bhí á labhairt an uair úd ar fud an chuid is mó den Bhreatain.
Fíricí Gasta brezhoneg agus Brezhoneg, Cineál ...
brezhoneg agus Brezhoneg | |
---|---|
Cineál | teanga nádúrtha agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 206,000 (2007) |
Dúchasach do | An Bhriotáin agus an Bhriotáin |
Stáit | an Fhrainc |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Ceilteacha Ceiltis na nOileán teangacha Briotainice Southwestern Brythonic (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir na Briotáinise agus aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Ofis Publik ar Brezhoneg (en) |
Leibhéal leochaileachta | 4 in an-bhaol |
Cóid | |
ISO 639-1 | br |
ISO 639-2 | bre |
ISO 639-3 | bre |
Glottolog | bret1244 |
Linguasphere | 50-ABB-b |
Ethnologue | bre |
UNESCO | 336 |
IETF | br |
Endangered languages | 1228 |
Dún
Tá gar-ghaol ag an mBriotáinis leis an mBreatnais atá fós sa Bhreatain Bheag, agus leis an gCoirnis, teanga a cailleadh ach a bhfuil díograsóirí ag iarraidh a hathbheochan.