From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba ailtire agus ball de Páirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine é Albert Speer (a rugadh i Mannheim ar an 19 Márta 1905 agus a fuair bás i Londain ar 1 Meán Fómhair 1981).
Chuala Speer óráid ó Adolf Hitler i Mí Eanáir 1931, agus chuaigh sé isteach sa NSDAP.
I rith an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé ina bhall den réimeas barbartha Naitsíoch. Ar an 8 Feabhra 1942, ceapadh Speer ina Aire Cogaidh. Tháinig méadú ar an táirgiúlacht de bharr.
I dtriall Nürnberg, gearradh fiche bliain ar Speer, fiche bliain a chaith sé sa phríosún Spandau i mBeirlín.
Scríobh Speer dhá leabhair i Spandau, Inside the Third Reich agus Spandau Diaries. Bhí Speer buartha faoin trioblóid a tharraing sé, agus bhí aiféala air, is cosúil.
Scaoileadh amach as an bpríosún é ar an 1 Deireadh Fómhair 1966.[1]
Fuair Speer bás de bharr stróc i Londain sa bhliain 1981.[2] Bhí sé lena ghrá geal, bean óg, in óstán i Londain .[3] agus a bhean a raibh sé pósta uirthi le 40 bliain fós ina cónaí i Heidelberg.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.