Cogadh na Cóiré
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cogadh a mhair ó 1950 go dtí 1953 ab ea Cogadh na Cóiré. Ar an 25 Meitheamh 1950, rinne An Chóiré Thuaidh ionradh ar an gCóiré Theas, ag cur tús lé cogadh mór millteanach. Fuair na milliún bás b'fhéidir[1], ré fhuilteach i stair an Domhain.
an Cogadh Fuar | |
---|---|
Ainm | 한국 전쟁, 조선 전쟁, 조국 해방 전쟁, 육이오 사변, 육이오 전쟁, 한국동란, 육이오 동란, 경인동란, 朝鮮戰爭 agus 抗美援朝戰爭 |
Cineál | cogadh |
Dáta | 27 Iúil 1953 |
Áit | Caolas na Cóiré, Muir na Seapáine agus Leithinis na Cóiré, Leithinis na Cóiré, Yellow Sea (en) , Muir na Seapáine, Caolas na Cóiré agus teorainn idir an tSín agus an Chóiré Thuaidh |
Cúis | Kim Il-sung |
Rannpháirtithe | an Chóiré Theas, an Chóiré Thuaidh, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Ríocht Aontaithe, Ceanada, an Tuirc, an Astráil, an Aetóip, Na hOileáin Fhilipíneacha, an Nua-Shéalainn, an Téalainn, an Ghréig, an Fhrainc, an Cholóim, an Bheilg, an Afraic Theas, an Ísiltír, Lucsamburg, Daon-Phoblacht na Síne agus An tAontas Sóivéadach |
Ar thaobh an Thuaisceart, bhí fórsaí rialtas na Poblachta Daonlathaí Chóiré ag troid le cuidiú ó Aontas na Sóivéide agus ón tSín. Ar an taobh eile, bhí na Náisiún Aontaithe, faoi stiúir Stáit Aontaithe Mheiriceá le cuidiú ón Chóiré Theas, ón Astráil, srl, na tíortha an Domhain Thiar an chuid is mó.
Cuid den choinbhleacht an Cogadh Fuar ab ea an cogadh seo, an choimhlint idé-eolaíoch a bhí ar siúl san 20ú haois idir Stáit Aontaithe Mheiriceá is an caipitleachas ar aon taobh amháin, agus an tAontas Sóivéadach is an cumannachas ar an taobh eile.