Stair
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cur síos ar an saol atá caite, agus ciall a bhaint aisti, atá i gceist le stair. Is ón Fhraincis "Histoire" a tháinig an focal go Gaeilge, agus tá a bhunús sa bhfocal Gréigise ἱστορία, historia, a chiallaíonn eolas a fuarthas trí imscrúdú.[1] Is féidir stair réigiúin leathain agus cultúir ar fad a chur síos agus staidéar a dhéanamh orthu, nó is féidir dian-staidéar a dhéanamh ar thír, ar bhaile, ar dhuine, nó ar cheird nó aon gné eile den saol thar am.