Éileictre
From Wikipedia, the free encyclopedia
I miotaseolaíocht na Gréige, bhí Éileictre[1] (Gréigís: Ἠλέκτρα ‘ómra’[2])) ar dhuine de na Pléadaigh, seachtar iníon Atlais agus Pleione. Bhí cónaí uirthi i Samas na Tráicia. Bhí beirt mhac aici, Dardanas agus Iasón (nó Eetian), ag Séas.[3]
Ainm sa teanga dhúchais | (grc) Ηλέκτρα |
---|---|
Ceiliúradh | Miotaseolaíocht na Gréige |
Teaghlach | |
Céile | Corythus (en) |
Páirtí | Séas |
Páiste | Dardanus (en) ( Séas) Iasion (en) ( Séas) Corythus (en) ( Séas) Emathion (en) ( Séas) Harmonia (en) ( AiréasAfraidíté) Eetion (en) ( Séas) |
Athair | Atlas agus Pleione |
Bhí baint ag Éileictre le finscéal an Phallaidiam, an dealbh naofa, a bhí ina siombail a bhain le buachlocha agus cosantóir na Traí. D'athraigh Séas Éileictre, mar aon leis an gcuid eile de na Pléadaigh ina réaltaí. De réir roinnt cuntais, ba í Éileictre amháin i measc na seacht gcinn nach raibh le feiceáil go héasca, ós rud é nach bhféadfadh sí a bheith ag féachaint ar scrios na Traí, chuir sí a súile i bhfolach, nó d'iompaigh sí i leataobh; nó ina brón, thréig sí a deirfiúracha agus rinneadh cóiméad di.[4]