Éidéime
From Wikipedia, the free encyclopedia
Carnadh d'fharasbarr sreabháin cholainne, ar meascáin uisce is salainn iad, taobh istigh d'fhíocháin na colainne is ea éidéime.
Cineál | comhartha agus skin and integumentary tissue symptom (en) |
---|---|
Aicmiú | |
ICD-10 | R60.9 |
ICD-9 | 782.3 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0100258 |
DiseasesDB | 9148 |
MedlinePlus | 003103 |
MeSH | D004487 |
UMLS CUI | C0013604 |
Tarlaíonn éidéime nuair a bhíonn an brú hidreastatach sna fuileadáin, a thiomáineann amach sna fíocháin iad, níos mó ná an brú osmóiseach, a shúnn ar ais iad.
Tagann domhantarraingt i ngníomh chun na sreabháin a charnadh, go príomha sna cosa. Tarlaíonn sí go coitianta de bharr cliseadh an chroí, na nduán, is an ae. I gcliseadh an chroí is na nduán, coimeádann an cholainn uisce is salann, rud a leathnaíonn toirt na fola agus a bhrúnn sreabhán isteach sna fíocháin. I gcliseadh an ae, titeann tiúchan na bpróitéiní sa bhfuil, rud a laghdaíonn brú osmóiseach na fola agus a ligeann don sreabhán fáil amach sna fíocháin.[1]