From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa Rúraíocht, ba í Éadaoin (Sean-Ghaeilge Étaín) banlaoch an scéil Tochmharc Éadaoine, ar cheann de na scéalta is sine agus is saibhre atá ann i Miotaseolaíocht na nGael. Faightear chomh maith í sa scéal Meán-Ghaeilge Togail Bruidne Dá Derga. D'aithin T. F. O'Rahilly í mar bhandia na gréine.
Cineál | pearsa fhinscéalach |
---|---|
Dáta | |
Inscne | baineann |
Tá an t-ainm Étaín fréamhaithe le foirm dhíspeagadh na Sean-Ghaeilge ét (éad).[1] Tá aithne uirthi scaití faoin mbuafhocal Echraide (marcach capaill), a thugann le fios go bhfuil sí gaolta le déithe na gcapall, agus pearsana amhail Rhiannon na mBreatnach agus Epona na nGallach.[2] Sa scéal Tochmharc Éadaoine, tugann Midhir Bé Find (Fionnbhean) mar ainm uirthi, ach is amhlaidh go bhfuil an dán ina bhfuil an maíomh seo le fáil sa téacs, níos sine agus gan bhaint leis, a cuireadh leis an scéal níos déanaí.[3]
Sa scéal Tochmarc Étaíne, ba iníon Ailill, rí na nUladh, í Éadaoin.
I dToghail Brú Dá Dearga, ámh, ba iníon Éadair í, agus phós sí an t-ardrí, Eochaid Feidlech. Bhí iníon acu, darbh ainm Éadaoin Óg, a phós Cormac, rí na nUladh. Rugadh iníon di, Meas Buachalla, ach mac ar bith. Thréig Cormac Meas Buachalla, ach d'aimsigh tréadaí í agus thóg seisean agus a bhean chéile í. Agus í fásta, phós sí an t-Ard Rí Eterscél Mór agus d'éirigh sí ina máthair Chonaire Mhóir. Sna dréachtaí ginealaigh, deirtear gurbh í bean chéile flaith na nUladh, Cormac Cond Longas.
Nuair a thit Midhir na dTuath Dé Danann í ngrá le hÉadaoin agus a phós í, d'éirigh éad ar a chéadbhean diúltaithe Fuamnach and casts a sraith draíochta uirthi. Ar dtús, d'athraigh Fuamnach Éadaoin ina riocht linn uisce, ansin ina péist (nó nathair i leaganacha áirithe), agus ansin ina féileacán álainn (nó snáthaid mhór). Níor aithin Midhir gurbh í Éadaoin an féileacán, ach in ainneoin sin, d'éirigh sí ina a dhlúthchara, agus ní raibh suim aigesean i mnáibh. Mhúscail Fuamnach ámh gaoth mhór a shéid an féileacán chun siúil agus níor thug sí cead dó tuirlingt ach ar charraigeacha na mara ar feadh seacht mbliana.
Tar éis tamaill, thuirling an féileacán ar éadaí Aonghais. D'aithin sé gurbh Éadaoin a bhí ann, ach bhí hear i mbun cogaidh le Midhir agus dá bharr níor chuir sé ar ais chuige í. Rinne sé grianán beag agus fuinneoga an di, agus d'iompair é leis gach áit. Ach chuala Fuamnach an scéal agus mhúscail gaoth mór eile a shéid Éadaoin uaidh ar feadh seacht mbliana ar leith. I ndeireadh na dála, i ré Chonchúir mhic Neasa, thit an féileacán i gloine fíona a bhí á ól ag bean chéile gaiscíoch na nUladh, Éadar. D'éirigh an bhean torrach agus athrugadh Éadaoin, dhá bhliain déag is míle tar éis a céad breithe.[4]
Agus í fásta, phós Éadaoin Ard-Rí na hÉireann, Eochaidh Aireamh. Insítear conas a chas siad ar a chéile sa chéad sraith de Togail Bruidne Dá Derga.[5]
Thit deartháir Eochaidhe, Ailill Angubae, i ngrá léi, agus thosaigh sé ag meath dá bharr. Faoi dheireadh, d'inis sé d'Éadaoin go raibh sé ag fáil bháis ar a son, agus gheall sí go rachadh sí a chodladh leis chun a bheo a shábháil. Shocraigh siad go mbuailfidís le chéile, ach chuir Midhir i gcodladh draíochta é agus chaill sé an cruinniú. Bhuail Éadaoin le fear ann ámh, a raibh cuma agus glór Ailille aige, ach níor luigh sí leis, ag aireachtáil nach Ailill féin a bhí sé. Tharla é seo faoi thrí, agus lig an fear Midhir aithne di gurbh é. D'inis sé di scéal a saoil agus í ina bhean chéile, ach dhiúltaigh sé dul leis gan cead óna fear céile an linn úd. Tháinig sí chuig Ailill ar ais agus é leigheasaithe.
Chuaigh Midhir ina fhíor-riocht chuig Eochaidh agus mhol sé ficheall a imirt. D'fhógair sé geall de chaoga chapall, ach chaill sé agus thug na capaill go hEochaidh mar a gealladh. Thug Midhir a dhúshlán ar thuilleadh cluiche, ar gheallta níos mó, agus lean sé air ag cailleadh. Thug a athair altrama rabhadh d'Eochaidh, gur dhuine acmhainne móire é Midhir, agus chuir sé ag obair é ar shraith tascanna, ina measc an clochán thar Móin Lámhrí a leagadh, a rinne sé go drogallach.
Sa deireadh thiar, thug Midhir dúshlán d'Eochaidh, cluiche deireanach fichille a imirt, an geall le rá ag an buaiteoir. Bhuaigh Midhir an babhta seo, agus d'éalaigh sé póg is barróg a bhreith ar Éadaoin. Ghéill Eochaidh dó, ach dá rachadh Midhir ar ais an mhí dár gcionn. Tháinig Midhir ar ais tar éis an ama agus rug barróg ar Éadaoin. Iompraíodh iad ina riocht ealaí agus d'eitil siad leo.
Ar lorg Mhidhire, thosaigh Eochaidh agus a chuid fear ag tochailt ag a sidhe ag Brí Léith. Tháinig Midhir amach agus dúirt ar le hEochaidh go dtugadh sé a bhean chéile ar ais dó ar an lá dár gcionn. Ach ag an am úd, tháinig caoga bean amach agus cuma Éadaoine ar chách. Dúirt seanchailleach le hEochaidh a bhean a roghnú, dá mba fhéidir leis. Roghnaigh sé ceann dóibh, ach nochtaigh Midhir níos déanaí gurbh iníon Éadaoine a bhí sí, agus Eochaidh féin an t-athair. Bhí Eochaidh trí na céile toisc gur luigh sé leis an gcailín, a iníon féin, idir an dá linn, agus bhí sise torrach anois. Rugadh cailín di, agus thréig Eochaidh í, ach d'aimsigh tréadaí í, agus thóg seisean agus a bhean chéile í.
Tá dhá dhán ann sa Dinnseanchas maidir le hÉadaoin. Sa dán faoi Ráth Easa, insítear conas ar éirigh le hEochaidh Aireamh, Étaín a fháil ar ais. Sa dá faoi Ráth Cruachan, luaitear fuadach Éadaoine ag Midhir.
Sa lámhscríbhinn na Meán-Ghaeilge Togail Bruidne Dá Derga (Athleagan II), faightear cur síos sách fada, ornáideach fúithi sa tsraith inár bhuail sí le hEochaidh Aireamh i mBrí Léith.
Sa stíl lúcháireach céanna, díríonn an scéalaí isteach ar áilleacht a coirp:
Is amhlaidh go raibh ciall shamhaltach ag an Long Airgid agus ceithre éan óir ina timpeall. Thug Margaret Dobbs faoi ndeara cosúlacht an trí chorn a thairg Méabh do laochra na nUladh in Fleadh Bhricreann. I ngach corn, bhí éan níos luachmhara laistigh: sa chorn cré-umha, bhí éan fiondruine (cré-umha bán): sa chorn fiondruine, éan óir; agus sa chorn óir, éan cloch lómhar. Ina dteannta sin, dhírigh sí go raibh gaol ann le criadóireacht Hallstatt agus earraí cré-umha ó Lár na hEorpach, ar a cuireadh éin uisceacha ar chorn nó longa. D'fhéadfaí go ndearnadh seo go sonrach i gcomhthéacs deasghnáth reiligiúnach, nó go ginearálta le haghaidh idéanna reiligiúnacha. Mhol sí go gcaomhnaíonn an íomhá liteartha "cuimhneacháin adhradh tobair agus na ndeasghnáth a rinneadh ann le longa diaga maisithe le siombailí draíochta", is amhlaidh in éadan drochdhraíochta. Is dóigh gur tháinig a leithéid de nósanna reiligiúnacha agus soithí deasghnátha go hÉirinn idir 600 agus 300 RC, le linn ré inimirce.
I bhfianaise na n-ealaí agus a gcéille diaga i seanlitríocht na nGael, thug Dobbs faoi ndeara freisin baint an scéil le drochdhraíocht Fuamnaí, agus athrú Éadaoine agus Midhire i riocht ealaí.[10]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.