From Wikipedia, the free encyclopedia
Is táibléad cré Bablónach é YBC 7289. Tá sé suntasach mar gheall ar an gcuntas cruinn ann ar fhréamh chearnach 2, an fad trasnánach cearnóg le sleasa ar fad 1. Tugtar an uimhir seo go dtí sé cinn d'ionaid dheachúlacha, "an cruinneas ríomhaireachtúil is mó... sa domhan ársa".[1] Creidtear go ndearna mac léinn an táibléad i ndeisceart na Measpatáime idir 1800 agus 1600 RCh.
Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil.
Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
Tá cearnóg ar an táibléad, agus tá dhá líne thrasnánach sa chearnóg. Tá an uimhir 30 scríofa ar thaobh amháin den chearnóg sa chóras seascadúil.
Tá dhá uimhir sa chóras seascadúil scríofa ar na trasnáin. Is í "1; 24,51,10" an chéad uimhir sa chóras seascadúil. Sin cothrom le 305470/216000 ≈ 1.414213, meastachán ar fhréamh chearnach a dó. Tá míchruinneas an mheastacháin seo níos lú ná cuid amháin in dhá mhilliún. Is í an dara huimhir ná "42; 25,35". Sin 30547/720 ≈ 42.426. Sin í an fhréamh chearnach 2 méadaithe faoi 30: an fad trasnáin chearnóg le sleasa ar fhad 30.[2]
Níor baineadh úsáid as ionaid éagsúla chun oird méadaíochta éagsúla a shonrú sa chóras nodaireachta Bablónach. Mar sin, is féidir gurb í 30/60 = 1/2 an uimhir ar thaobh na cearnóige. Má tá sé mar seo, is í an uimhir ar an thrasnán 30547/43200 ≈ 0.70711 ≈ 1/√2, an fad trasnáin cearnóg de sleasa taobh 1/2, leis an cruinneas céanna: míchruinneas níos lú ná páirt amháin in dhá mhilliún. Scríobhann David Fowler agus Eleanor Robson, “Mar sin tá péire uimhreacha cómhalartacha againn le léirmhíniú geoiméadrach...” Cuireann siad in iúl go raibh péirí cómhalartacha tábhachtacha i matamaitic na Bablóine, agus déanann sé seo an léirmhíniú seo tarraingteach, ach tá cúiseanna amhrasacha ann.[2]
Scriosadh an taobh droim go pointe áirithe, ach creideann Robson go raibh ríomh comhchosúil ann faoi fhad líne trasnánach i dronuilleog le cóimheas 3:4:5 ag a dhá thaobh agus a thrasnán.[3]
Cé go léirítear YBC 7289 go minic (mar atá sa ghria) leis an gcearnóg dírithe go trasnánach, bheadh na coinbhinsiúin chaighdeánacha Bablónacha, chun cearnóga a tharraingt bheadh taobhanna na cearnóige ingearach agus cothrománach acu, agus an taobh uimhrithe ag an mbarr. Is dócha gur “táibléad láimhe” a bhí ann, mar gheall ar an gcruth cruinn agus méid an táibléid, agus an scríbhneoireacht mhór atá air. Choinnídís mic léinn a leithéid i mbos a láimhe le haghaidh obair gharbh.[2][1] Is dóigh gur chóipeáil an mac léinn luach fhréamh chearnach 2 ó tháibléad eile, ach tá nós imeachta atriallach chun an uimhir seo a ríomh ar tháibléad Bablónach eile, BM 96957 + CBL 6598.[2]
Ba iad Otto E. Neugebauer agus Abraham Sachs na chéad daoine a d’aithin tábhacht mhatamaiticiúil an táibléid seo sa bhliain 1945.[2][4] I measc táibléad Bablónach eile, tá ríomhanna achar heicseagán agus heiptagón. Ina measc seo tá ríomhanna ar uimhreacha níos casta ailgéabrach, mar shampla fréamh chearnach a trí.[2] Tá an fhréamh chearnach trí ann freisin i ríomhanna ársa na hÉigipte faoi na pirimidí. Tá na huimhreacha ar YBC 7289 chomh beacht sin go léiríonn sé go raibh nós imeachta ginearálta ann chun iad a ríomh.[5]
D'úsáid an matamaiticeoir Gréagach Claudius Tolamaes an meastachán seascaidí céanna ar fhréamh cearnach dhá (1; 24,51,10) i bhfad níos déanaí ina Almagest.[6][7] Níor mhínigh Tolamaes cá as a tháinig an meastachán seo. Dealraíonn sé go raibh aithne mhaith thart ag an am sin.[6]
Ní fios cén áit sa Mheaspatáim as ar tháinig YBC 7289. De bharr a chrutha agus a stíl scríbhneoireachta is dóigh gur cruthaíodh i ndeisceart na Measpatáime é, idir 1800 agus 1600 R.Ch.[2] Bhí bailiúchán táibléad Bablónach ag J.P. Morgan, agus bhronn sé a eastát d'Ollscoil Yale sa bhliain 1909. Rinneadh an 'Yale Babylonian Collection' as an mbronntanas seo.[1][8]
Ag Yale, rinne an 'Institute for the Preservation of Cultural Heritage' samhail dhigiteach den táibléad. Tá sé seo oiriúnach do phriontáil 3T.[8][9][10]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.