dochtúir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Lia a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea William Stokes (1 Deireadh Fómhair 1804 – 10 Eanáir 1878). Agus é fós ina mhac léinn d'fhoilsigh sé leabhar ar an steiteascóp is a úsáidí, an chéad leabhar Béarla ar an ionstraim nua sin. Lena chomhghleacaí in Ospidéal na Mí, Robert Graves, thug sé isteach cleachtadh stiúrtha i scrúdú praiticiúil is cóireáil na n-othar do mhic léinn míochaine, rud nach ndearnadh roimhe sin. Chuir sé síos don chéad uair ar análú deacair athraitheach a bhíonn ag seandaoine atá dian tinn le galar croí, a dtugtar análú Cheyne-Stokes nó ruaigeanna Stokes-Adams air anois. Scríobh sé dhá théacsleabhar míochaine cháiliúla, Diagnosis and Treatment of Disease of the Chest (Diagnóisiú is Cóireáil Galar Cliabhraigh, 1837) agus Diseases of the Heart and Aorta (Galair an Chroí is an Aorta, 1854).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Deireadh Fómhair 1804 Baile Átha Cliath |
Bás | 10 Eanáir 1878 73 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Áit adhlactha | Reilig Naomh Fhiontain, Cill Fhionntain |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Dhún Éideann Scoil Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dochtúir leighis, múinteoir ollscoile, cairdeolaí |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Páiste | Margaret Stokes, Whitley Stokes |
Gradam a fuarthas |
Toghadh mar uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann don tréimhse 1874–76. Dlíodóir fiú le rá agus scoláire an léinn Cheiltigh ab ea a mhac, Whitley Stokes, agus seandálaí agus scríbhneoir a iníon, Margaret Stokes.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.