From Wikipedia, the free encyclopedia
Thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh[1] a breithiúnas i gCás 26/62, Van Gend en Loos v Nederlandse Administratie der Belastingen ar an 5 Feabhra 1963. Ardaíodh cánacha san Ísiltír, agus chuir an comhlacht iompair, Van Gend en Loos, go láidir i gcoinne.[2]
Cineál | cás dlí | |||
---|---|---|---|---|
Baint le limistéar údaráis | Comhphobal Eorpach | |||
Cúirt | an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach | |||
Leag an Chúirt síos an prionsabal i ndlí Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (dlí an Aontais Eorpaigh anois) a thugtar "éifeacht dhíreach"[3] air sa lá atá inniu annː[4]
Is féidir le forálacha den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (a thugtar an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh air anois), a chuireann dualgais ar na Ballstáit, cearta a chruthú ar mhaithe le daoine nádúrtha nó dlítheanacha. Mar sin, tá sárú ar chearta na saoránach inchaingne.
Chomh maith leis sin, bíonn daoine in ann a bheith ag brath ar na cearta sin os comhair na gcúirteanna agus binsí náisiúnta.
Tháinig feabhsú cearta go díreach de bharr an cháis, ar mhaithe leis na gnáthshaoránaigh de chuid an AE.
De réir na fianaise atá ar fáil, bhí Robert Lecourt agus Alberto Trabucchi chun tosaigh ar aon duine eile.[5] Dealraíonn sé gur sa mhionlach a bhí André Donner, a bhí i bhfabhar cur chuige i leith na héifeachtaí dlí fhorálacha na gConarthaí, a bhí ní ba choimeádaí ná an seasamh a thaitin le formhór na Cúirte.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.