From Wikipedia, the free encyclopedia
Is oileán miotasach é Uí Bhreasail (as Béarla, Hy-Brasil nó roinnt leaganacha eile[1]), suite a dúradh i lár an Aigéin Atlantaigh ó thaobh thiar d'Éirinn.[2] De réir miotais na nGael, bhíodh sé faoi bhrat ceo seachas lá amháin re seacht mbliana, nuair a bhíodh sé sofheicthe ach dobhainte.
Is doiléir í sanasaíocht an ainm Breasal anseo. De réir béaloideas Gaelach, deirtear go bhfuil sé ainmnithe as muintir Uí Breasail, clann ársa i n-oirthuaisceart na hÉireann. As SeanGhaeilge, áfach, is féidir na focail a leanas a aithint ann: Í: inis, oileán[3]; agus bres: áilleacht, luach, mór, cruthach.[4][5]
In ainneoin an cosúlacht, níl nasc ar bith idir an tír Brasaíl agus an oileán miotasach. Tá an tír ainmnithe as an grcann dúchais Breasaíleach, ar a dtugtar an sanas "dearg mar aibhleog", fréamhaith ón Laidin brasa ("aibhleog") agus an réamh-mhír ‑il (ó ‑iculum nó ‑ilium).[6][7]
Siar chomh fada le 1325, d'aithin cairt mhuirí oileán darb ainm Bracile ó thaoibh thiar d'Éirinn san Aigéan Atlantach, 'sé sin, i gcairt phortalach le hAngelino Dulcert. Níos deireanaí, bhí sé ar léarscáil Veinéiseach (1436) le hAndrea Bianco mar Insula de Brasil, taobh le hoileán níos mó de shraith oileán san Atlantach. D'aithníodh seo ar feadh tréimhse le Terceira sna hAsóir.
I gcairt Chatalóinise thart ar 1480, aithnítear dhá oileán 'Illa de Brasil', ceann amháin ó thaobh thiartheas d'Éirinn (suíomh na háite miotasaí, mar dhea) agus ceann eile ó thaobh theas den "Illa verde" nó An Ghraonlainn.
Léiríodh ar léarscáileanna gur chiorclach é an t-oileán, go minic le caolas nó abhainn lárnach ag síneadh soir-siar trasna a thrastomhais.
Chuaigh loingis amach ó Bhriostó sna blianta 1480 agus 1481 ar lorg an oileáin. Go gairid tar éis teachta abhaile John Cabot i ndiaidh a loingis féin sa bhliain 1497, scríobh Pedro de Ayala gur aimsíodh cheanna an tír a d'ath-aimsigh Cabot ag "na fir as Briostó a d'aimsigh Breasail".[8]
Sa bhliain 1674, mhaígh 'Captain John Nisbet' go bhfaca sé an t-oileán ar turas ón Fhrainc go hÉirinn, agus dúirt sé go raibh ann coiníní dubha móra agus draíodóir a bhí ina haonar i gcaisleán cloiche. Ba chumadóireacht iad áfach an carachtar agus an scéal leis an údar Éireannach, Richard Head.[9]
Deir Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh linn ina A Chorographical Description of West or H-Iar(sic) Connaught (1684): "Tá anois ar marthain Murrogh Ó Laoí, a shamlaíonn go raibh sé féin ar oileán Uí Bhreasail le dhá lá, agus go bhfaca sé uaidh Oileáin Árann, Gólam (gar do Leitir Mealláin), cnoc Iorrais Bhig agus áiteanna eile ar an tír thiar a raibh aithne aige orthu."[10]
Rinneadh nasc fosta issue Oileáin Uí Bhreasail agus an Banc Porcupine, scairbh san Aigéan Atlantach tuairim is 200 km siar ó Éirinn [11] agus aimsithe sa bhliain 1862. Chomh luath is an bhliain 1870, léitear páipéar ag Geological Society of Ireland ag moladh na sainaitheanta seo.[12] Ó shin i leith, chonacthas an moladh in eagrán sa bhliain 1883 de Notes and Queries[13] agus i roinnt fiosrúchán den 20ú haois, san áireamh ar na mallaibh an saothar Underworld: The Mysterious Origins of Civilization le Graham Hancock.
De bharr cosúlacht na n-ainmneacha, glaoitear "Hy Brasil" ar Mheiriceá Theas sa saincheadúnas ficsean eolaíochta Warhammer 40,000 (en).
Sa Lyonesse Trilogy le Jack Vance, is 'Hybras' é ainm an oileáin is mó desna Elder Isles. Insítear i mbrollach an chéad leabhair gurb é seo bunús an ainm 'Hy-Brasil'.
Sa scannán Erik the Viking, bhí ar na carachtair dul ar turas go dtí oileán Uí Bhreasail chun corn draíochta a fháil.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.