ceoltóir, amhránaí, agus scéalaí Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceoltóir, amhránaí agus scéalaí Éireannach ab ea Thomas Patrick 'Tommy' Makem (4 Samhain, 1932 – 1 Lúnasa, 2007). Thuill sé aitheantas ar dtús mar bhall den ghrúpa The Clancy Brothers and Tommy Makem.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Samhain 1932 An Céide, Northern Ireland |
Bás | 1 Lúnasa 2007 74 bliana d'aois Dover, New Hampshire |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse scamhóg) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, bainseóí, file |
Tréimhse oibre | 1956 – |
Seánra | Ceol tíre traidisiúnta |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Bainseó agus ceol gutha |
Lipéad ceoil | Columbia Records |
Suíomh gréasáin | makem.com |
Chuaigh Makem ar imirce chuig na Stáit Aontaithe sa bhliain 1955.
Thosaigh na deartháireacha Clancy (Tom, Paddy agus Liam) agus Tommy Makem ag seinm amhráin tíre na hÉireann le chéile sna i lár na 1950idí. Tháinig an chéad albam, ' The Rising of the Moon' amach sa bhliain 1956. Ar dtús, bhíodh an ceathrar acu ag canadh le chéile, go hiondúil in armóin /i gcomhcheol, le giotár agus faoi dheireadh le tionlacan bainseó Tommy Makem.[2]
Bhí an cóiriú agus an canadh níos cosúla le grúpaí Meiriceánacha ná le grúpaí traidisiúnta in Éirinn. Ach bhí tionchar nach beag acu ar na hamhránaithe tíre timpeall an ama seo.
Níor aontaigh go leor ceoltóirí traidisiúnta in Éirinn leis an gceol a bhí ar siúl ag na muintir Clancy agus Tommy Makem. Ach sna Stáit Aontaithe, bhí Bob Dylan agus amhránaithe tíre eile faoi gheasa ag éisteacht agus ag faire orthu.[3] Nuair a bhog Bob Dylan go dtí Greenwich Village, Nua-Eabhrac, i dtús na seascaidí agus é ina fhear óg, chas ségo rialta leo.
Sna 1960idí, bhí na Clancy Brothers agus Tommy Makem in ard a réime i Meiriceá.
In Éirinn, bhí athbheochan an cheoil traidisiúnta faoi lán tseoil. Sheinn Ciarán Mac Mathúna a gcuid amhrán ar an raidió náisiúnta agus d’éirigh Makem agus na Clancy Brothers níos clúití in Éirinn.
De réir mar a chuaigh na 1960idí ar aghaidh, thosaigh grúpaí eile ag déanamh aithrise ar an stíl a bhí ag na deartháireacha Clancy agus Tommy Makem.
Ba ar an amhránaíocht is mó a bhí an bhéim i gceol na ndeartháireacha Clancy agus Tommy Makem agus thug siad inspioráid do ghrúpaí cosúil leis na Dubliners, Na Furey Brothers agus Sweeney’s Men.[2]
Tá roinnt dá n-amhráin ón albam ‘The Boys Won’t Leave The Girls Alone’ fós le cloisteáil, mar shampla, ‘I’ll Tell Me Ma’, ‘As I Roved Out’, 'Will You Go Lassie Go?' agus ‘The Old Woman From Wexford’.
Trom ar an tobac nuair a bhí sé óg, bhuail ailse scamhóg é. Cailleadh Tommy Makem ar an 1 Lúnasa 2007 i New Hampshire, in aois 74 bliain dó.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.