From Wikipedia, the free encyclopedia
Is comhlacht meán sóisialta agus feidhmchlár comhroinnte físeán é TikTok, a bunaíodh i mBéising sa bhliain 2016.[1] Is leis an chomhlacht Síneach ByteDance an t-aip TikTok.[2]
URL | https://tiktok.com |
---|---|
Cineál | seirbhís líonrú sóisialta, ardán físeán ar líne, comhphobal ar líne, ardán ar líne an-mhór agus gnó |
Teanga | ilteangacha |
Ceadúnas | ceadúnas dílsithe |
Forbróir gréasáin | Beijing Microbroadcast Vision Technology (en) |
Iontráil i seirbhís | Meán Fómhair 2016 |
Tír | Daon-Phoblacht na Síne |
Gradam a fuarthas |
|
Rangú Alexa | 795 (3 Nollaig 2019) 779 (8 Nollaig 2019) 184 (1 Lúnasa 2020) |
Baintear earraíocht as TikTok le físeáin ghearra a roinnt ar líne. Is féidir le húsáideoirí físeáin a uaslódáil agus a chomhroinnt, chomh maith le féachaint ar fhíseáin éagsúla.
Tá an-tóir ag an aos óg go háirithe ar an aip. Tá na céadta milliún úsáideoir acu san Eoraip, gan an chuid eile den domhan a bhac.[3]
Is foinse siamsaíochta ach go háirithe é TikTok, áit ar féidir leat teacht ar rudaí nua, a bheith cruthaitheach agus ceangal a dhéanamh le daoine eile ar fud an domhain.[4] Ardán is ea TikTok inar féidir le daoine teacht ar ábhar atá oideachasúil agus siamsúil araon - bíodh sé sin ag foghlaim Gaeilge le Múinteoir ‘Gaeilge_Bheo’ nó ag moladh leabhair Ghaeilge trí #LeabharTok.
Tógadh roinnt cásanna dlí in aghaidh TikTok maidir le líomhaintí gur sháraigh an comhlacht príobháideachas agus cearta maoine daoine.
Dúirt TikTok in 2024 go bhfuil breis is 2,000 duine ar fad ag obair ar an bhFoireann Iontaobhais agus Sábháilteachta ag TikTok.[5] Tá os cionn 20 duine le Gaeilge ag obair inár bhfoireann Iontaobhais agus Sábháilteachta
Tá imní san Iarthar faoin méid eolais ag TikTok, agus ag na húdaráis sa tSín air trí TikTok.[6] Ós comhlacht Síneach é TikTok, tá imní ar na húdaráis i dtíortha an Iarthair go bhfuil an comhlacht faoi anáil Rialtas na Síne agus go bhfuil sé mar Chapall Adhmaid na Traí.[3]
In 2023, chuir forais an Aontais Eorpaigh, rialtas na Stát Aontaithe, srl. cosc ar fheidhm a bhaint as TikTok ar ghléasanna oifigiúla le teann faitís go gcibearghoidfí sonraí nó go ndéanfaí cibearfheall de chineál eile. Is de bharr anailíse ar bhaol spíodóireachta ó údaráis na Síne ar chórais agus ar ghníomhaireachtaí faisnéise san Iarthar a chinn na húdaráís coscanna a chur i bhfeidhm. Bhí faitíos orthu chomh maith go mbainfeadh údaráis Béising leas as an ghréasán sóisialta le h-eolas íogair a bhailiú faoina lucht úsáidte (cnuaschóipeáil sonraí agus earraí spiaireachta).[2]
In Éirinn, de réir chomhairle an Lárionaid Chibearshlándála, tar éis fiosrúchán ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí, Helen Dixon, níor chóir TikTok a chur ar ghairis oibrithe poiblí, ach amháin sa gcás go bhfuil géarghá ag baint leis, ó thaobh ghnó na heagraíochta de.[6]
Chun an imní san Eoraip a mhaolú, thug TikTok le fios go gcoinneofaí i dtaisce sonraí úsáideoirí Eorpacha sa dá ionad i mBaile Átha Cliath agus in ionad eile in aice le príomhchathair na hIorua, Osló. Comhlacht slándála nach bhfuil aon bhaint acu le TikTok a bheas i bhfeighil na dtrí ionad sonraí sin, a dúradh.[3]
Bhí 2,000 duine ag obair don chomhlacht roinnte físeán in Éirinn go dtí 2022 - idir lucht cibearshlándála, lucht cosanta sonraí agus eile. Ar an 10 Meitheamh 2022, dúirt TikTok go raibh 1,000 folúntas nua le líonadh in Éirinn.[1]
In 2023, bhí sé dearbhaithe ag TikTok gur i mBaile Átha Cliath a bhunós siad a ndara hionad sonraí in Éirinn.[7][3]
Bhí os cionn 230 milliún radharc domhanda go dtí 2024 faighte ag an haischlib #Gaeilge ar TikTok.[4]
Níl úsáideoirí in ann fotheidil i nGaeilge a chur le físeáin go huathoibríoch. Dúirt TikTok sa bhliain 2024 go raibh níos mó ábhar i nGaeilge ag teastáil chun go mbeadh úsáideoirí in ann fotheidil i nGaeilge a chur le físeáin go huathoibríoch.[5][8] Chruthaigh TikTok an chéad treoirleabhar riamh maidir leis na meáin shóisialta do mhúinteoirí i nGaeilge, 'Playbook do Mhúinteoirí'.[9]
Sa bhliain 2024, cheadaigh TikTok fógraí bréagacha maidir le cúrsaí toghcháin in Éirinn.[10] Ba le fonn córas scagtha TikTok a thástáil a chuir an eagraíocht Global Witness sé fhógra dhéag chuig an meán sóisialta a raibh eolas bréagach iontu. Vótáil ar líne agus i dtéacs teileafóin; an aois vótála; agus cead vótála ag inimircigh in Éirinn – mar dhea – na hábhair a cuireadh i láthair sna fógraí. Cheadaigh TikTok gach uile cheann de na fógraí ach tharraing Global Witness siar iad sular foilsíodh iad.
I ráiteas ó TikTok maidir leis an bhfiosrúchán, maíodh gur aithnigh ríomhchlár scagtha an ardáin gur sháraigh na fógraí polasaithe an chomhlachta ach dúradh gur cheadaigh ball foirne iad de dhearmad ina dhiaidh sin. Dúradh freisin go raibh athoiliúint curtha ar an mball foirne a bhí i gceist ó shin agus go raibh cleachtais nua tugtha isteach ag an gcomhlacht maidir le fógraí polaitíochta.[10][11]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.