From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá an comhlacht Ticketmaster, atá lonnaithe i gCalifornia, i gceannas ar cheann de na hardáin díolacháin ticéid ar líne is mó ar domhan. Is córas ticéadaithe agus suíomh Meiriceánach do áirithintí ceolchoirmeacha srl é Ticketmaster. Is cuid de Live Nation Entertainment é, máthair chomhlacht Ticketmaster [1]
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | gnó cuideachta phoiblí primary ticket outlet (en) fiontar seirbhís ar líne | ||||
Foirm dlí | Société Anonyme | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 2 Deireadh Fómhair 1976, Phoenix | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Limistéar oibriúcháin | domhanda | ||||
Stocmhalartán | (NYSE ACE) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Máthaireagraíocht | Live Nation Entertainment (2010–) | ||||
Fochomhlacht | |||||
Suíomh gréasáin | https://www.ticketmaster.com | ||||
In 2024, bhí sé dearbhaithe Ticketmaster go raibh siad ag fiosrú sárú ar a mbunachar sonraí, ó mhaígh an grúpa haiceála ShinyHunters gur éirigh le teacht ar eolas 560 milliún dá gcuid custaiméirí. Ar an 27 Bealtaine 2024, d'fhoilsigh an grúpa fianaise ar an ngréasán dorcha faoin bhradaíl a rinne siad agus phostáil siad seat scáileáin ar na meáin shóisialta lena léiriú. D'éiligh an grúpa íocaíocht éirice de $500,000 agus dúirt gur "reic aon uaire" a ba é .
Ar an 27/08/2024, bhí sé fógartha ag Liam agus Noel Gallagher go bhfuil Oasis ag teacht ar ais le chéile chun roinnt gigeanna a dhéanamh – agus dhá cheann i bPáirc an Chrócaigh in 2025.[2] Ach níorbh fhada gur iompaigh an lucht leanúna ar na meáin shóisialta agus ardáin eile chun frustrachas faoin bpróiseas díolacháin a chur in iúl, go háirithe na praghsanna arda a bhí á lorg do chuid de na ticéid do sheónna Pháirc an Chrócaigh.[3]
Chuir an CCPC, an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí, imscrúdú ar bun faoi dhíol na dticéad do cheolchoirm Oasis ag Ticketmaster. Dúirt an Coimisiún go raibh níos mó ná 100 gearán faighte acu faoi dhíol na dticéad agus tar éis na ngearán sin a athbhreithniú gur cuireadh an t-imscrúdú ar bun.[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.