D'fhionn sé an fónagraf (1877)[1], an glacadóir don teileagraf, córas chun 4 theachtaireacht a tharchur go comhuaineach, tarchuradóir carbóin teileafóin, an chéad lampagealbhruthach (1879), agus córas iomlán dáilte leictreachais.
An fónagraf. Edison a thaispeáin an gléas seo i 1877 mar ionstraim deachtaithe don oifig, ach tháinig sé chun foirfeachta mar chóras siamsa baile sa leathchéad bliain ina dhiaidh sin.
An micreafón. Shaothraigh Bell is Edison na céad chinn le haghaidh teileafónaíochta
Teirmianaic. Thomas Edison a d'fhionn an iarmhairt seo i 1883.
D'úsáid Edison stiallacha leanúnacha scannáin fhótagrafaigh ina cheamara Kinetoscope i 1891 , ach ba iad na deartháireacha Lumiere, a theilg íomhánna ar scáileán os comhair lucht mór féachana i 1895, a bhunaigh an tionscal taifeadta scannán is a léirithe i bpictiúrlanna. Ag tosú le cineiteagraf Dickson ó chomhlacht Thomas Edison i 1891 , bunaíodh an scannán 35 mm, pollta ar a fhad chun gurbh fhéidir é a ghluaiseacht ar aghaidh le cromán, oibrithe de láimh ag an gceamaradóir féin,
Bhí tionchar mór ag Edison ar an eolaíocht i rith an 19ú agus 20ú haois.
Leag Alexander Graham Bell síos bunús an teileafóin le glacadóir ionduchtaithe a cheap sé féin chun an fhuaim a chruthú, ceangailte le sreang le tarchuradóir carbóin de chuid Thomas Edison.
Thosaigh Arthur Edwin Kennelly ag obair le Thomas Edison sna Stáit Aontaithe i 1887.
Ó 1891, thosaigh Henry Ford ag obair do chomhlacht Edison i nDetroit.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.