polaiteoir i dTuaisceart Éireann (rugadh 1962) From Wikipedia, the free encyclopedia
Sainchomhairleoir bainistíochta, iaroifigeach cabhlaigh, teachta tionóil (MLA) d’Aontroim Theas agus iarcheannaire an UUP (2019-2021)[1] is ea Stephen Ronald "Steve" Aiken OBE MLA (a rugadh ar 16 Meitheamh 1962).[2][3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Meitheamh 1962 62 bliana d'aois Bealach Cláir, Northern Ireland |
Comhalta den Tionól Reachtach | |
5 Bealtaine 2022 – Téarma parlaiminte: 7ú Tionól Thuaisceart Éireann Toghcheantar: Aontroim Theas (Toghcheantar Tionóil) | |
Ball den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann | |
3 Márta 2017 – Téarma parlaiminte: 6ú Tionól Thuaisceart Éireann Toghcheantar: Aontroim Theas (Toghcheantar Tionóil) Toghadh i: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2017 | |
Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann | |
7 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 5ú Tionól Thuaisceart Éireann Toghcheantar: Aontroim Theas (Toghcheantar Tionóil) Toghadh i: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2016 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Cambridge Ardscoil Bhéal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Aontachtach Uladh |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Cabhlach Ríoga |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | steveaiken.uk |
Iarcheannaire i gCabhlach Ríoga na Breataine é Steve Aiken, iarcheannfort ar fhomhuireán núicléach. Stiúr sé an Comhlachas Tráchtála Briotanach Éireannach i mBaile Átha Cliath (2011-2014).
Sa bhliain 2019, tháinig Aiken i gcomharbacht ar Robin Swann ina cheannaire ar an UUP. ceapadh Aiken gan aon iomaíocht.
San olltoghchán 2019, sheas Aiken in Aontroim Thoir in aghaidh Sammy Wilson, urlabhraí Breatimeachta an DUP.[4]
Sa bhliain 2019, dúirt Steve Aiken nach mbeadh aon athrú ar pholasaí an pháirtí maidir le hAcht Gaeilge faoina cheannaireacht féin.[5] Dúirt sé nach nglacfaí le hAcht Gaeilge ach go dtacódh sé le ceart feisirí vótáil de réir a gcoinsiasa ar cheisteanna morálta agus sóisialtaː “Sílim go bhfuil bac á dhéanamh di [an Ghaeilge]; ní muidne a chuir na bacainní sa gcosán. Níl aon tacaíocht in aon bhall i measc na nAontachtach in Ulaidh d’acht Gaeilge agus ní fheicim ná ní fhaca mé aon rud agus níor chuala mé aon rud a d’athródh m’intinn faoi sin.”
Dúirt Aiken nach bhfuil a pháirtí “i gcoinne na Gaeilge ar aon bhealach”, agus gur thacaigh siad le Foras Teanga don Ghaeilge agus don Ultais a bhunú mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 agus le maoiniú eile a chur ar fáil don Ghaeilge.
Sna blianta 2019/2020, bhí Aiken ag cur an mhilleáin ar an DUP faoin margadh Breatimeachta a raibh aontachtaithe agus dílseoirí ag feachtasaíocht ina choinne. ‘Ba iad an DUP a thug teorainn i Muir Éireann dúinn,’ an port a bhí ag Aiken.[6]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.